Drámaíocht don Óige sa Ghaeltacht

Amharclannaíocht Óige

An suim leat comhoibriú le hEalaín na Gaeltachta i gcur chun cinn na hAmharclannaíochta Óige a bheidh dírithe ar aoisghrúpa 12-18 bliain?

Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán d’Údarás na Gaeltachta le clár píolótach drámaíochta, trí Ghaeilge, don óige a fhorbairt sa Ghaeltacht. Is í Ealaín na Gaeltachta Teo. a bheas ag cur an chláir i bhfeidhm thar ceann an Údaráis.
Mar chéad chéim, tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó dhaoine aonaracha/ eagrais/ grúpaí ar mian leo bheith gníomhach san Amharclannaíocht Óige sa Ghaeltacht a bheas ag freastal ar an aoisghrúpa 12-18 bliain.

I measc na bhforbairtí atáthar ag súil a chur chun cinn le linn an chláir phíolótaigh beidh:
• Grúpa(í) Amharclannaíochta Óige á bhunú ina mbeidh béim ar an rannpháirtíocht chruthaitheach agus ar ghuth na hóige san aoisghrúpa 12-18 bliain.
• Painéal d’áisitheoirí agus d’oideachasóirí á aimsiú
• Oiliúint agus traenáil á chur ar fáil d’áisitheoirí drámaíochta agus don óige
• Ionaid agus spásanna oiriúnacha do dhrámaíocht na hóige á aimsiú
• Cnuasach scripteanna a bheith ar fáil dírithe ar an dhrámaíocht don óige agus deiseanna a chur ar fáil le scripteanna nua a chumadh
• Léiriú a bheith ar fáil don aos óg ar éagsúlacht na gcineálacha agus stíleanna drámaíochta

Cuirfear fáilte roimh eolas maidir le fís, cúlra agus taithí (CV san áireamh más ábhartha), comhthéacs, spriocanna, eolas maidir le ceantar feidhme agus cumas clár a reáchtáil trí Ghaeilge sa léiriú suime.

Fáilteofar chomh maith roimh aon eolas ábhartha eile a mheasfar atá tábhachtach le léargas cuí a thabhairt ar na féidearthachtaí maidir le hAmharclann Óige a fhorbairt. Tá réimse na hAmharclannaíochta Óige dírithe ar imeachtaí a fhorbairt taobh amuigh de chomhthéacs scoile ach cuirfear fáilte roimh mholtaí i dtaca le comhoibriú leis an earnáil oideachais. Cé nach mbeidh ar ár gcumas tacú le gach léiriú suime a thagann chugainn, oibreoidh an clár píolótach seo i dtreo forbairt chéimiúil agus straitéiseach maidir le drámaíocht don óige sa Ghaeltacht.

Tá agaibh go dtí an 2 Lúnasa 2022 le léiriú suime a sheoladh chuig an Oifigeach Forbartha Drámaíochta don Óige, Cathal Ó Gallchóir ag c.ogallchoir@udaras.ie nó chuig an seoladh thíos. Tá Cathal ar fáil ag an uimhir 074 9560100 más mian leat breis eolais a lorg nó seol rphost chuige ag c.ogallchoir@udaras.ie

Ealaín na Gaeltachta Teo.
f/ch Údarás na Gaeltachta,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Na Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall.
F92 E09T

Tá an fhorbairt seo maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán mar pháirt den Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Is fochomhlacht de chuid an Údaráis í Ealaín na Gaeltachta Teo. a fhaigheann maoiniú reatha bliantúil ón Údarás agus ón Chomhairle Ealaíon.