Dath an Dóchais – Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta ag déanamh ceiliúrtha ar dhá scór Amharc-Ealaíontóir Gaeltachta

Tá ríméad ar Ealaín na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta, ceiliúradh a dhéanamh ar dhá scór amharc-ealaíontóir Gaeltachta trí thaispeántas ar líne a sheolfar ar an 17ú Bealtaine 2021 agus a mhairfidh ar feadh cúig seachtainí. Déanfaidh an taispeántas ceiliúradh ar an tacaíocht atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do na hamharc-ealaíona sa nGaeltacht le dhá scór bliain.
Seolfar an taispeántas, atá faoi choimeád ag Úna Campbell agus an fhoireann ag An Gailearaí, Gaoth Dobhair, ar líne Dé Luain an 17 Bealtaine ag www.DathanDochais.com. Taithí fhíorúil a bheidh ann le gné fuaime, chomh maith le haiste choimisiúnaithe leis an léirmheastóir ealaíne agus roghnóir Catherine Marshall, mar chuid de.

Léireoidh an taispeántas fairsinge agus éagsúlacht na hoibre atá ar bun ag ealaíontóirí a bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht nó atá i mbun saothar ealaíne sa nGaeltacht agus beidh glúnta éagsúla d’ealaíontóirí na Gaeltachta á cheiliúradh sa léiriú. Bhí fáil éasca ar na healaíona ina thosaíocht ag Údarás na Gaeltachta agus ag Ealaín na Gaeltachta riamh. Cinntíonn an leagan amach, atá ar líne de bharr na géarchéime, gur féidir teacht ar an taispeántas seo ar fud na Gaeltachta agus go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta freisin.

Dúirt Úna Campbell, An Gailearaí, maidir leis an taispeántas:
“Léiríonn an taispeántas seo go soiléir an fhís iontach agus an chumhacht atá ag gach duine de na healaíontóirí ina theanga amhairc féin agus iad le chéile anseo taobh istigh de phriosma thíreolaíocht na Gaeltachta agus de spiorad na Gaeltachta.”

Ag labhairt di maidir leis an seoladh dúirt Rachel Holstead ó Ealaín na Gaeltachta:
“Tá cultúr fisciúil na Gaeltachta chomh bríomhar agus chomh héagsúil agus atá an Ghaeltacht í féin. Tugann an ceiliúradh seo, atá á choimeád ag An Gailearaí, léargas ar roinnt glúnta d’ealaíontóirí Gaeltachta, ó inimircigh ar cuireadh fáilte rompu go dtí na ceantair seo go glúin óg atá tar éis tairbhe a bhaint as cultúr amharc-ealaíon atá ag dul i méid agus úinéireacht a ghlacadh air. Táimid ag súil le coinneáil orainn ag tabhairt tacaíochta do na healaíontóirí seo agus iad ag forbairt a gcleachtas, agus bualadh leis na glúnta nua d’ealaíontóirí Gaeltachta a fhaigheann spreagadh ón dream seo.”

Labhair Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta faoin seoladh:
“Mar phobal Gaeltachta, tá muid go mór faoi chomaoin ag ár gcuid ealaíontóirí. Samhlaigh saol gan a gcuid físe, gan a gcuid aislingí. Cuireann siad in iúl don saol mór cé muid féin mar phobal Gaeltachta agus cuireann siad in iúl dúinn féin cé dhár díobh muid. Cothaíonn siad muid mar phobal agus tá muid buíoch mar phobal as sin. Is léargas é an taispeántas seo, ní hamháin ar dhá scór bliain d’ealaín na Gaeltachta, ach dhá scór bliain d’Údarás na Gaeltachta agus dhá scór bliain d’fhuinneamh an phobail a d’éiligh Údarás na Gaeltachta. Is iomaí splanc atá fanta fós inti.”

Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon in 1997. Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair.

Seolfar an taispeántas ‘Dath an Dóchais’ ar an 17 Bealtaine 2021 agus is féidir cuairt a thabhairt air anseo www.dathandochais.com.

Is iad na healaíontóirí a bheidh mar chuid den taispeántas ‘Dath an Dóchais’ ná:

Áine Ní Chíobháin Alannah Robbins Andrew Duggan Aoife Casby
Bernadette Cotter Bob Quinn Brendan O’ Sullivan Brian Bourke
Caoimhghin Ó Fraithile Cathal McGinley Ceara Conway Ciara O’ Flynn
Clare Langan Clare Cashman Danny Chóil Dan Ó Flatharta RIP Deirdre McKenna
Donnacha Quilty Heidi Nguyen Helen Quill Ian Gordon
Ian Joyce Katrina Quille Karol Mac Gairbheith Kevin McGee
Lelia Ní Chathmhaoil Maria Simonds-Gooding Niall Naessens Nuala Ní Fhlathúin
Róisín Ní Chionnfhaolaidh Sandra Landers Sarah Lewtas Pádraic Reaney
Patsy Dan Rodgers RIP Ruairí Rodgers Seán Cathal Ó Coileáin Seán Ó Flaithearta
Tadhg McSweeney RIP Tomás Ó Cíobháin Úna Ní Shé Úna Quigley.

Chun eolas breise agus pictiúir maidir leis an 40 ealaíontóir a fháil chomh maith le fiosrúcháin óna meáin ag áireamh agallaimh déan teagmháil le:
Ali Spillane,
Lorg Media,
eolas@lorgmedia.com, (091) 728134

Bí páirteach sa dtaispeántas ar na meáin shóisialta ag úsáid an haischlib #DathanDóchais.