Cuisle na Gaeltachta á chothú tríd an aos-óg ag Ealaín na Gaeltachta

Cuisle na Gaeltachta á chothú tríd an aos-óg ag Ealaín na Gaeltachta

Tá ríméad ar Ealaín na Gaeltachta lógó don chlár Cuisle agus glaoch do scéim nua do champa cruthaitheachta ar líne a fhógairt. Mar chuid de Chuisle, tá Ealaín na Gaeltachta i mbun ceardlanna agus imeachtaí sna healaíona dúchasacha a reáchtáil agus a mhaoiniú do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta. Tá Cuisle maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chuir buiséad €1.275 milliún ar fáil thar 3 bliana (2019-2022) le díriú ar chur chun cinn na n-ealaíon dúchasach teangabhunaithe agus mar thaca don phróiséas pleanála teanga. Tá an lógó nua á sheoladh beo ar Facebook Ealaín na Gaeltachta amárach (26 Bealtaine 2020) ag 8r.n. agus beidh an damhsóir sean-nóis Ruadhán Ó Flatharta as Conamara ag glacadh seilbhe ar chuntas Instagram Ealaín na Gaeltachta don lá.

Cuireadh tús leis an gclár in 2019, agus tá os cionn 2000 duine óg ag glacadh páirt agus os cionn 40 scoil rannpháirteach. Cuirtear ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíon béil (lúibíní, scéalaíocht) ar fáil le scoth na dteagascóirí.

Tá 3 scéim oscailte faoi láthair chun na healaíona dúchasacha a chothú i measc an aosa óig. I mbliana den chéad uair, de bharr shrianta sláinte agus sabhailteachta na géarchéime, tá Ealaín na Gaeltachta ag cur maoiniú ar fáil faoi Chuisle chun campa cruthaitheachta ar líne a reáchtáil an samhradh seo do dhéagóirí a bhfuil dúil acu sna healaíona dúchasacha agus ar mhaith leo úsáid a bhaint as teicneolaíocht chun a gcuid ealaíon a chur i láthair ar bhealach núalach.  Táthar ag glacadh le tairiscintí ó ealaíontóirí, grúpaí nó eagraíochtaí a bhfuil smaointe núalacha agus taithí acu ag úsáid múnlaí cruthaitheacha agus nua-aimseartha teicneolaíochta le spriocanna ealaíonta a bhaint amach. Is é an 8 Meitheamh 2020 an spriocdháta le haghaidh tairisceana. Seo an dara bliain atá an dá scéim eile á reáchtáil; an Scéim NÓTA atá oscailte go leanúnach agus an Scéim NEARTÚ a fhógraítear go bliantúil d’eagrais.

Agus ainm nua an chláir á sheoladh dúirt Cathal Gaon, ball de Bhord Ealaín na Gaeltachta agus cathaoirleach choiste comhairleach an chláir Cuisle, “Is sraith eile é seo d’obair Ealaín na Gaeltachta atá á reáchtáil le maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is iad an dream óg cuisle na Gaeltachta, croí agus anam na Gaeltachta agus tríd an chlár seo, déanfar forbairt ar an óige, na healaíona dúchasacha agus an Ghaeilge chun saibhreas cultúrtha na Gaeltachta a cheiliúradh agus a thabhairt chun cinn go dtí an chéad ghlúin eile.”

Ag labhairt mar theagascóir ar an gclár dúirt an damhsóir Ruadhán Ó Flatharta, buaiteoir an chomórtais Steip 2019, “Bainim fíorshásamh as na ranganna, ag múineadh na ngasúr agus déagóirí agus fios agam go bhfuil mé ag cur leis an gcultúr agus ag cinntiú go mbeidh damhsa ar an sean-nós go láidir i measc an phobail sna blianta amach romhainn. Agus b’ónóir é go ndearnadh taifead ar mo chuid steipeanna chun lógó Chuisle a dhearadh.”

Rinneadh taifead ar Ruadhán i mbun damhsa ar an sean-nós agus rinneadh mapáil ar thonnfhad na steipeanna chun cruthanna an lógó a dhearadh. Cuirtear spiorad na Gaeltachta in iúl trí rithim na steipeanna agus léiríonn an íomhá an éagsúlacht agus an fhéiniúlacht a nascann óige na Gaeltachta le chéile; is iad an óige cuisle na Gaeltachta.

Tuilleadh eolas:

Elaine Scahill, Comhordaitheoir Cuisle

e.scahill@udaras.ie | 087 384 0890

 

 

**Is fo-chuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta í Ealaín na Gaeltachta. Is clár de chuid Ealaín na Gaeltachta í Cuisle, atá maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur chun cinn i measc an t-aos óg tríd na healaíona dúchasacha teanga-bhunaithe agus mar thacaíocht faoi leith don phróiseas pleanála teanga.**