Cuireadh chun Tairisceana – Seirbhís Phoiblíochta

 


Cuireadh chun Tairisceana – Seirbhís Phoiblíochta

  1. Réamhrá

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg iarratais do sheirbhísí poiblíochta chun tacú le cuspóirí ár n-eagraíochta faoi mar atá leagtha amach inár straitéis don tréimhse 2023-2027.

Cúlra faoi Ealaín (na Gaeltachta) Teo.

Bunaíodh Ealaín (na Gaeltachta) Teo., comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, le tacú le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus, mar chuid de sin, próifíl na n-ealaíon Ghaeilge agus na n-ealaíontóirí Gaeltachta a ardú.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag feidhmiú faoi straitéis 2023-2027 agus is as sin atá na spriocanna thuasluaite bunaithe. Is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.

  1. Cuspóir

Cuideoidh an te a bhronnfar an conradh orthu linn plean poiblíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus lenár gcumas inmheánacha a fheabhsú le go mbeidh ár láithreacht níos feicéalaí agus rannpháirtíocht dhigiteach níos éifeachtaí.

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an chonartha, a mhairfidh ó mí Bealtaine go mí na Nollag 2024:

  • Plean poiblíochta cuimsitheach a chruthú atá ag teacht le spriocanna straitéiseacha na heagraíochta atá dírithe ar Pobal, Ealaíontóirí an óige agus Eagrais. Féach ar Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027.
  • Treoir agus oiliúint a chuir ar fáil chun tacú le bainistiú inmheánach agus úsáid éifeachtúil na hardáin dhigiteach.
  • Oibriú i gcuideachta foireann Ealaín na Gaeltachta chun an plean a chur i bhfeidhm ar bhealach a uasmhéadaíonn for-rochtain agus rannpháirtíocht an phobail.
  • Meicníocht tuairisce agus anailíse a bheith i bhfeidhm chun éifeachtacht agus dul chun cinn an plean poiblíochta a mheas.
  1. Scóip na hoibre

Áirítear an méid seo a leanas sna seirbhísí atá de dhíth, ach níl sé teoranta dóibh:

  • Iniúchadh a dhéanamh ar acmhainní poiblíochta reatha na heagraíochta.
  • A bheith ag comhoibriú leis an fhoireann agus leis an bhord chun plean poiblíochta cuimsitheach a chruthú.
  • Comhairle, treoir agus oiliúint a chuir ar fáil chun cur le scileanna na mball foirne.
  • Uirlisí, sócmhainní, agus ábhar a aimsiú le haghaidh córas oibre éifeachtacha a chur i bhfeidhm.
  • Cuntais na meáin shóisialta agus suíomh Ealaín na Gaeltachta a bhainistiú.
  • Anailís a dhéanamh ar na hardáin shóisialta agus ar an suíomh agus tuairisciú don bhord agus don fhoireann ar bhonn rialta (achan mhí).

Buiséad

Beidh buiséad €14,000 (móide CBL) ar fáil don chonradh seo.

Anuas ar sin, beidh sé de rogha ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo. conradh a bhronnadh a thairiscint ar feadh tréimhse dhá bhliain (ó Eanáir 2025 ar aghaidh), ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo. chuige sin.

An t-Iarratas

Má tá suim agat sa tairiscint seo, iarrtar ort iarratas scríofa a sheoladh chuig Ealaín na Gaeltachta (ealain@udaras.ie) roimhe an 5.00i.n. Dé Céadaoin, 3 Aibreán, 2024 leis an t-eolas seo a leanas san áireamh:

 

  • Taithí Oibre cuí: Saineolas ar na meáin shóisialta agus ar na meáin thraidisiúnta araon
  • Samplaí do thograí ábhartha a láimhseáladh
  • Cur síos ar phlean imlíneach bunaithe ar na riachtanais/spriocanna thuasluaite agus an cur chuige atá á mholadh.
  • Briseadh síos ar chostas an phlean

Le breis eolais a fhail, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie