A thuismitheoir, a chara,
Go raibh maith agat as ucht spéis a léiriú i ranganna iar scoile Cuisle le Ealaín na Gaeltachta Teo.. Tá spásanna sna ranganna seo teoranta, mar sin má tá an rang lán, déan teagmháil linn agus cuirfear ar liosta feithimh tú. Is iad seo a leanas na táillí a bhaineann leis na ranganna iar scoile:

Táillí Ranganna Iar scoile (Téarma 10 seachtain)

Páiste AmháinBeirt PháisteTriúir PháisteCeathrar Pháiste
Damhsa ar an Sean-Nós€45€80.00 (-€10)€120.00 (-€15)€160.00 (-€20)
Ceol Uirlise€95€180.00 (-€10)€270.00 (-€15)€360.00 (-€20)

Is féidir clárú le haghaidh na ranganna tríd gliogáil ar an bhfoirm thíos. Maidir leis na ranganna ceoil, is ranganna leath uair atá I gceist, is féidir clárú anseo agus déanfar teagmháil leat leis an am agus léibhéal a chinntiú. Déan teagmháil le Tuismitheoirí na Gaeltachta maidir le ranganna in ionad SPLANC!

Ba mhaith le Ealaín na Gaeltachta tuismitheoirí a chuir ar an eolas go bhfuil polasaithe ábhartha i bhfeidhm acu ar mhaithe le leas an linbh ar nós: polasaí cosaint leanaí, sláinte agus sábháilteacht, polasaí teanga agus deá iompar chomh maith le polasaí COVID-19. Nuair a chláraíonn tuismitheoirí a bpáistí le haghaidh na ranganna seo, glacann siad leis na polasaithe seo. Má tá aon cheist faoin méid seo, déan teagmháil linn.