Comhordaitheoir sna hEalaíon Dúchasacha don Óige

(Post ar chonradh cuspóra seasta – Saoire Mháithreachais a chlúdach)
Tá comhordaitheoir á lorg ag Ealaín na Gaeltachta chun saoire mháithreachais a chlúdach.
Tá cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc an óige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meitheamh 2018.
Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an bheart seo a chur i bhfeidhm atá mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Mar pháirt den gclár Cuisle, déanfar gach iarracht forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar clár cuimsitheach don óige ina measc, ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na ceantair Gaeltachta uile.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

• A bheith tiomanta Fís, Misean agus Straitéis Ealaíon na Gaeltachta a chur i bhfeidhm
• Abalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
• Líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
• Saineolas i gcúrsaí forbartha agus oiliúna i réimse na n-ealaíon dúchasacha
• Ard chumas eagrúcháin, riaracháin agus i mbainistiú tograí.
• Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád.
• Eolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn.
• Sárscileanna cumarsáide agus ríomhaireachta

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ard- Oifig Údarás na Gaeltachta i nGaillimh ach dá bharr go bhfuil cúram don Ghaeltacht ina iomláine i gceist beidh spás oibre sealadach curtha ar fáil don té a cheapfar in oifigí réigiúnach an Údaráis chomh maith.
Beidh an conradh ar feadh tréimhse an saoire mháithreachais a chlúdach agus íocfar scála tuarastail ag brath ar cháilíochtaí agus taithí. Beidh taistil i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.
Seol iarratas mar aon le CV, chuig:
Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall roimh 4.00 i.n ar an Aoine 9 Aibreán 2021.