Ceiliúradh 25 Bliain Ealaín na Gaeltachta 

Ar feadh deich lá i mí na Samhna, agus Ealaín na Gaeltachta ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód, beidh spotsolas á chur ar na healaíona Gaeltachta, agus ar obair Ealaín na Gaeltachta a thacaíonn leo, áit a mbeifear ag léiriú na cruthaitheachta agus saibhreas na n-ealaíon atá beo beathach sa Ghaeltacht. 

Tá fáilte roimh chách chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár seirbhís 25 bliana d’ealaíona, do chultúr agus d’oidhreacht na Gaeltachta.

Ón Aoine, an 10 Samhain, go dtí an Domhnach, an 19 Samhain, beidh 21 imeacht in 14 ionad, 100 rang agus imeachtaí óige ar siúl i gceantair Ghaeltachta, mar aon le 2 fhéile –  An Fhéile Bheag Filíochta sa Daingean and Féile Liteartha Chorca Dhuibhne. Taispeánann an clár ilghnéitheach seo saol bríomhar na n-ealaíon atá sa Ghaeltacht, fiú le linn thráthnóntaí dorcha an gheimhridh.

Cuirfear tús leis an cheiliúradh, Dé hAoine, i nDún na nGall leis an seó siamsaíochta Bladhaire, á chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag cur scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta ó gach cearn den tír i láthair agus ag caint faoi stair Ealaín na Gaeltachta agus an tionchar a bhí ag a gcuid tacaíochtaí ar phobal na Gaeltachta le 25 bliain anuas.

Níos déanaí Dé hAoine, an 10 Samhain, fógróidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta, deis speisialta chun aitheantas a thabhairt don tionchar a bhí ag Clannad ar an nGaeilge trína gcuid ceoil.

Beidh imeachtaí breise a chur i láthair mar chuid den cheiliúradh comh maith. Seolfar Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 i Stiúideo Cuan, An Spidéal i gContae na Gaillimhe, ar an Déardaoin, 16ú Samhain ag a 3 chlog. Le ceiliúradh a dhéanamh ar obair idirnáisiúnta Ealaín na Gaeltachta le fiche is a cúig bliain anuas, beidh ealaíontóirí a tharraingt le chéile ó thíortha Ceilteach ina measc beidh Síle Denvir, Máire Ní Churraoin, agus James Dumbleton ó Guernesy.

Le linn na tréimhse seo, déanfar ceiliúradh ar na pobail chruthaitheacha, na healaíontóirí samhlaíocha, na hionaid agus na heagraíochtaí luachmhara, atá i gcroílár shaol bríomhar na n-ealaíon Gaeltachta.

Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta i 1997 tríd chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon. Is é príomhsprioc na heagraíochta ná earnáil na n-ealaíon Gaeltachta a fhás agus a fhorbairt. Tugann Ealaín na Gaeltachta maoiniú do 6 ionad ealaíon ar bhonn bliantúil, agus i mbliana, tugadh tacaíocht do 29 féile ealaíon agus bronnadh sparánacht ar 53 ealaíontóir aonair. Sa bhreis air sin, tugtar deis d’ealaíontóir Gaeltachta tréimhse chónaitheachta a chaitheamh in Centre Culturel i bPáras gach bliain.

Léiríonn an t-éileamh ar an maoiniú seo le blianta beaga anuas an saol ealaíne atá faoi bhláth sa Ghaeltacht. Bíonn Ealaín na Gaeltachta de shíor ag iarraidh maoiniú a fháil chun an t-éileamh sin a shásamh.

“Tá na healaíona lárnach i gcultúr na Gaeltachta. Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha ag an Ghaeltacht atá neartaithe agus caomhnaithe le himeacht ama, go háirithe maidir le ceol, sean-nós, scéalaíocht agus drámaíocht. Is droichead go saol spleodrach na Gaeilge iad na healaíona, agus cothaíonn siad íomhá shamhlaíoch agus chruthaitheach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.”- Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.

“Tá an saol mór lán den fhilíocht don té dar dual a thuigbheáil agus ní thráfaidh an tobar go deo na ndeor” a dúirt an scríbhneoir clúiteach as Rann na Feirste, Seosamh Mac Grianna. Tá seo amhlaidh, ní hamháin don fhilíocht, ach do na healaíona ar fad, agus is pribhléid dúinn in Ealaín na Gaeltachta go bhfuil deis againn tacú le forbairt agus le spreagadh na n-ealaíon traidisiúnta agus comhaimseartha sa Ghaeltacht le 25 bliain anuas.” – Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon.

Tá obair idirnáisiúnta mar ghné d’obair Ealaín na Gaeltachta le blianta fada, le béim ar leith ar chaidreamh a chothú le tíortha ina bhfuil teangacha mionlaigh. Déanfar machnamh ar chuid den obair sin le linn an cheiliúrtha, chomh maith le glúin nua ealaíontóirí ó thíortha éagsúla a thabhairt le chéile. 

Téann obair Ealaín maidir leis an óige siar tuairim is fiche bliain. Tháinig borradh mór air sin in 2019 nuair a chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú €1.6 milliún ar fáil dúinn do chlár Cuisle, clár sna healaíona dúchasacha, agus ciste €150,000 do chlár píolótach drámaíochta don óige in 2021. Téann an maoiniú seo i bhfeidhm ar thart ar 2,534 duine óg in aghaidh na bliana.

Is ceiliúradh atá sa tseachtain seo ar an obair sin ar fad agus ar phobail ealaíon na Gaeltachta. Mar gheall ar na daoine siúd a roinneann a gcuid ealaíon agus a gcuid cruthaitheachta linn go fial flaithiúil, is áit iontach í an Ghaeltacht le cónaí ann. Mar sin, bí páirteach sa cheiliúradh ón 10 go dtí an 19 Samhain! 

Gach eolas faoi na himeachtaí go léir thíos agus ar na meáin shóisialta

Clár imeachtaí an cheiliúrtha ón 10-19 Samhain 2023

10-11.11.2023 An Fhéile Bheag Filíochta: Cuimhne Chath Fionntrá Aras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh www.feilebheagfiliochta.com
10-19.11.2023 Fís agus Féilire Ghairdín Mhuire Ionad Lae Ghairdín Mhuire, An Daingean Gailearaí Sráide sna fuinneoga trasna an bhothair ó Ghairdín Mhuire. 
10.11.2023 Clár Ceiliúrtha Ealaín na Gaeltachta Beo ar Bhladhaire, Raidió na Gaeltachta.  https://www.rte.ie/radio/rnag/
10.11.2023 Seoladh Sparánacht Chlannad Tábhairne Leo, Croithlí. Fógraítear deis úr d’ealaíóntóirí Gaeltachta mar aitheantas don bhanna ceoil Clannad. 
10.11.2023 East Clare Legacy Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Mhúirne www.ionadculturtha.ie
10.11.2023 & 13-17.11.2023 Taispeántas físealaíne Curacha & Bullaí 1) Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair                          2) Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha                                                                            3) Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó an Daingin                                                           www.udaras.ie
11-18.11.2023 Taispeántas pobail le Christina McBride Seanscoil Bhun an Inbhir, Gaoth Dobhair https://www.facebook.com/scoilbunaninbhir
12.11.2023 An Fhéile Bheag Filíochta: Laoithe Fiannaíochta agus Ceol Cláirsí An Díseart, Sráid an Doirín, An Daingean, Co. Chiarraí www.feilebheagfiliochta.com
13-17.11.2023 Taispeántas: Cuimhní na Coigríche le Moira Mc Iver An Gailearaí, Gaoth Dobhair https://www.angailearai.com/exhibitions/cuimhni-na-coigriche

https://www.facebook.com/gailearai/  

13-17.11.2023 An Triail  (Camchuairt Náisiúnta Fíbín) Axis, Baile Munna https://www.antaibhdhearc.com/events/antriail  
13.11.2023 Pop Up Cuisle  – Corr na Móna Ionad Pobail Chorr na Mona Ceoltóirí óga Chorr na Móna ag ceol & amhránaíocht. Oscailte don phobal
13.11.23 Amharclann na nÓg Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead https://www.facebook.com/ArasInisGluaire/                                                    https://arasinisgluaire.ie/main/
14.11.2023 Ranganna Damhsa Seite & Céilí Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead https://www.facebook.com/ArasInisGluaire/                                                    https://arasinisgluaire.ie/main/
17.11.2023 Comóradh ar Thréigean an Bhlascaoid Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, V92 TH73 www.dinglelit.ie
17.11.2023 Taispeántas le Hugh MacConville Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead https://www.facebook.com/ArasInisGluaire/                                                    https://arasinisgluaire.ie/main/
17.11.2023 Pop Up Cuisle- Ceantar na nOileán An Chlúid, Muintearas, Tír an Fhia Ceoltóirí óga Cheantar na nOileán i gcuideachta an teagascóra Steve Sweeney agus an t-amhránaí sean-nóis Sarah Ghriallais. Oscailte don phobal. 
17.11.23 Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Michael Harding Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Mhúirne www.ionadculturtha.ie
18.11.2023 I gcroí na hEorpa Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, V92 TH73 https://dinglelit.ie/news/event/leacht-ar-nua-litriocht-na-gaeilge-on-ollamh-riona-ni-fhrighil/                                                        www.dinglelit.ie
19.11.2023 Ailleog le Mairéad Ní Mhaonaigh Amharclann Ghaoth Dobhair
Ard na gCeapairí
 
www.amharclann.com
19.11.23 Ensemble  Mhúscraí Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Mhúirne www.ionadculturtha.ie