Ag lorg do ghuth do Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge

 

Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh an Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge atá dá réiteach faoi láthair don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Más cleachtóir, duine don lucht éisteachta, nó duine a bhfuil suim acu san healaíona teangabhunaithe tú, seo deis do ghuth a bheith le clos sa Straitéis seo agus dul i bhfeidhm ar an bpleanáil thábhachtach seo do na healaíona Gaeilge teangabhunaithe. Tá tús curtha leis an bpróisis comhairliúcháin anois agus fáiltíonn an foireann taighde roimh mholtaí, tuairimí, agus aighneachtaí ón bpobal. Labhair leo ag ealaionateangabhunaithe.ie. Glacfar le aighneachtaí agus moltaí suas go dtí an 31 Nollaig 2019.