Scéim Oíche Chultúir (sa Ghaeltacht)

Is ócáid náisiúnta bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith do shaoránaigh na tíre a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha, ealaíona, agus oidhreachta, saor in aisce. Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine, 22 Meán Fómhair 2023.

Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheidh ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2023. Fáiltíonn muid roimh iarratais a thugann deis don óige a bheith rannpháirteach agus ceiliúradh a dhéanamh ar a gcultúr.

*Is buiséad teoranta atá sa scéim seo agus ní féidir glacadh leis go mbeidh maoiniú/an t-uasmhéid ar fáil d’aon togra. Tabharfar tús áite do ghrúpaí/daoine aonair a dhéanann ceangal agus co-oibriú le grúpaí eile le himeachtaí a reáchtáil i dteannta achéile ionas gur féidir leis an bpobal an tairbhe is mó a bhaint as an Oíche.

Critéir le haghaidh maoiniú

Beidh na nithe seo a leanas curtha san áireamh agus an t-iarratas a mheas:

    • Cur chuige soiléir léirithe, ina mbeifear ag súil le himeacht cultúrtha atá cruthaitheach, samhlaíoch agus ar ard-chaighdeán do phobal na Gaeltachta
    • Go mbeidh an Ghaeilge lárnach sa chlár agus i reáchtáil na himeachta
    • Páirtíocht ealaíontóirí gairmiúla san ócáid atá ag fáil táillí cuí
    • Ceangal agus co-oibriú le grúpaí eile
    • Go mbeadh an imeacht/na himeachtaí saor in aisce don bpobal le freastal orthu

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais

Spriocdháta d’iarratais: 19 Meitheamh 2023