Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2020

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht

Is ócáid náisiúnta bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith do shaoránaigh na tíre a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha, ealaíona, agus oidhreachta, saor in aisce.

Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine 18ú Meán Fómhair. Beidh an tráthnóna bunaithe ar mheascán d’imeachtaí ar líne (beo nó réamhthaifeadta) agus imeachtaí beo a chloíonn le rialacha Scaradh Sóisialta.

Don aonú bhliain déag a as a cheile tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag déanamh comhordú ar imeachtaí Oíche Chultúir sa Gaeltachta agus chuige sin tá muid ag lorg iarratais ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheas mar chuid d’Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2020. Fáiltíonn muid roimh iarratas a bhfuil an óige bainteach leis nó a thugann deis don óige ceiliúradh a dhéanamh ar a gcultúr.

*Tabharfar tús áite do ghrúpaí/daoine aonair a dhéanann ceangal agus co-oibriú le grúpaí eile ina gceantair féin le sraith imeachtaí a reáchtáil.  Sa chás go bhfuil sé soiléir go bhfuil co-oibriú i gceist le sraith imeachtaí a reáchtáil i gceantar faoi leith, d’fheadfaí an uasmhéid tacaíocht a ardú.

Spriocdháta d’iarratais: Dé Luain 27 Iúil 2020

Tá breis eolais, critéar agus foirm iarratais le fáil ó hÁisitheoirí Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta (Teo).