
Eolas Fúinn
Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.
Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíona agus le healaíontóirí aonair.
Togra Ealaíon Poiblí Champus Íosagáin
Cuireadh chun tairisceana…
Spriocdháta: Déardaoin, 12 Meitheamh 2025

Tacaíocht atá ar fáil
Is iad scéimeanna maoinithe Ealaín na
Gaeltachta an t-ineall a thiomáineann
ár gcuid oibre. Le tacaíocht na
scéimeanna seo cuirtear bunchloch faoi
inmharthanacht na n-ealaíon Gaeltachta,
tacaítear le forbairtí straitéiseacha
agus cuidítear le fás agus le bláthú na
n-ealaíontóirí Gaeltachta.
