Seachtain Oidhreachta: Siúlóid Abhainn Chroithlí

Ag siúl an teorainn stairiúil seo idir na Rosann agus Ghaoth Dobhair, déanfar cur síos ar an abhantrach, ón aois neoiliteach go ré órga na gConallach i gcuideachta le hoidhreacht shóisialta, chultúrtha agus dhúlra an cheantair, ó bhreacsháile go fíoruisce. Siocair gur seo Bliain Idirnáisiúnta an Bhradáin cuirfear béim ar leith ar scéal agus thábhacht an bhradáin i stair agus i gcultúr na dúiche. Is i nGaeilge a bheas an tsiúlóid seo.