Painéal Teagascóirí sna hEalaíona Dúchasacha

Tá cothú agus cur chun cinn na n-ealaíon i measc na hóige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meithimh.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an mbeart seo a chur i bhfeidhm. Mar pháirt den chlár sin, déanfar gach iarracht leathnú agus forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíon béil ar fud na gceantar Gaeltachta uile.

Idir seo agus deireadh na scoilbhliana 2018/19 leanfar leis an soláthar ranganna atá ar fáil cheana féin i gceantair  Ghaeltachta,  ina measc sin tá Dún na nGall, Corcaigh agus Ciarraí agus tá súil ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo. cur leis an soláthar ranganna i nGaeltacht na Gaillimhe le linn na tréimhse céanna.

Chuige sin, tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag cur painéal teagascóirí le chéile a mbeadh suim acu ranganna sna healaíona dúchasacha (ceol, damhsa, lúibíní agus agallamh beirte, amhránaíocht) a sholáthar trí mheán na Gaeilge, i nGaeltacht Chonamara agus Árann, idir Mí Eanáir 2019 agus Mí Meithimh 2019.

Má tá suim agat a bheith ar an bpainéal seo ní mór duit é seo a léiriú tríd an bhfoirm faoi cheangal a chomhlíonadh agus a sheoladh isteach chuig Ealaín na Gaeltachta.

Sonraí teagmhála:  ealaín@udaras.ie /074 95 60100

Foirm Íoslódála