Ealaín na Gaeltachta & Gaillimh 2020
Is mórshaothar nua taibhealaíne é Óró... atá cruthaithe go speisialta do Ghaillimh 2020 ag buíon ghairmiúil ealaíontóirí Gaeltachta agus idirnáisiúnta a bhíonn ag saothrú i mionteangacha ar fud na hEorpa.
Scéal corraitheach faoi theacht aniar é Óró… a fhiosróidh féiniúlacht an duine sa saol nach gceadaítear teagmháil fhisiciúil a thuilleadh ann agus a insítear tríd an damhsa comhaimseartha, an amharclannaíocht, an ceol, an fhilíocht agus na hamharc-ealaíona.
Cíorfaidh Óró... cén t-athshamhlú is gá a chur i gcrích sa tsochaí iar-Covid-19 chun go mairfidh an chruinne, ní hamháin go fisiciúil agus go heacnamaíoch ach go cultúrtha freisin.
Léireoidh Óró... tábhacht na héagsúlachta i ngach gné den saol agus cumhacht an chomhair nuair a thagann ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla le chéile chun freagra cruthaitheach a thabhairt ar an ngéarchéim dhomhanda ina bhfuil muid faoi láthair. A bhuíochas de phlúr na n-ealaíontóirí gairmiúla, gabhfaidh an nuashaothar ealaíne seo i bhfeidhm go mór ar an bpobal go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Léireofar Óró... in amharclann speisialta suíomhoiriúnaithe ar an gCeathrú Rua i mí Mheán Fómhair agus beidh an léiriú clabhsúir ar Lá Eorpach na dTeangacha, Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair 2020. De bharr fhairsinge an ionaid, cloífear leis na srianta agus treoirlínte a bhaineann leis an scaradh sóisialta go héifeachtach agus gan stró.
Ealaíontóirí
Amaia Elizaran – Euskal Herria|Tír na mBascach|Basque Country
Damhsóir Comhaimseartha | Contemporary Dancer
Anne Feddema – Fryslân|An Fhreaslainn|Friesland
Péintéir/File | Painter/Poet
Diarmuid De Faoite – Éire
Aisteoir | Actor
Josie Duncan – Alba|Albain|Scotland
Amhránaí | Singer
Liam Ó Maonlaí |Éire
Ceoltóir/Amhránaí | Musician/Singer
Maitiú Ó Casaide – Éire
Ceoltóir/Cumadóir | Musician/Composer
Seán Ó Flaithearta – Éire
Amharc-Ealaíontóir/Dearthóir | Visual Artist/Designer
Sibéal Davitt – Éire
Damhsóir Comhaimseartha | Contemporary Dancer
Síle Nic Chonaonaigh – Éire
Aisteoir | Actor
Taran Spalding-Jenkin – Kernow| Corn na Breataine|Cornwall
File/Taibheoir | Poet/Performer
Alana MacInnes – Alba|Albain|Scotland
Cúntóir Léirithe | Production Assistant
Cherie White – Éire
Dearthóir Cultacha | Costume Designer
Darach Mac Con Iomaire – Éire
Léiritheoir Cruthaitheach | Creative Producer
Joe Bean – Éire
Meascadh Fuaime | Sound Engineer
Matt Burke – Éire
Dearthóir Soilsithe | Lighting Designer
Paul D’eath – Éire
Cúntóir Léirithe | Production Assistant
Dátaí & Am
Dé Luain 21 – Dé Sathairn 26 Meán Fómhair @ 20:00
Léirithe iarnóna: Dé hAoine 25 & Dé Sathairn 26 @ 14:00
**Is gá ticéad a bheith agat don léiriú seo agus moltar ticéid a chur in áirithe roimh ré.**
Ionad | Venue:
Gailearaí an Tismeáin, Aonad 2, Páirc Gnó na Ceathrún Rua
An Cheathrú Rua, H91 HH21
Ticéid | €17.50 – €22.50
Cur do thicéad in áirithe anseo!
Comhpháirtithe