Oifigeach Cúnta Ealaíona don Óige

Tréimhse: Conradh 3 Bliana

Lonnaithe: Aon ceann d’oifigí Údarás na Gaeltachta

Tá Oifigeach Cúnta sna hEalaíon don Óige á lorg ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ar chonradh 3 bliana. Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon le forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar chlár cuimsitheach sna healaíon don óige ar fud na Gaeltachta. Oibreoidh an te a cheapfar leis an Oifigeach Feidhmiúcháin chun tacú le spriocanna agus cuspóirí na heagraíochta maidir le deiseanna forbartha agus oiliúna a chur ar fáil sna healaíona don óige.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le taithí agus cumas chun na dualgais seo a leanas a bhaint amach:

  • Tacú le clár forbartha agus oiliúna sna healaíon don aos óg a chur i bhfeidhm, ag díriú ar na hEalaíona Dúchasacha agus Amharclannaíocht ach go háirithe.
  • Freagrach as riaradh agus comhordú scéimeanna agus tograí ealaíona don óige.
  • Tacú leis an phróiseas monatóireachta agus an clár á mheas.
  • Tacú le riaracháin agus comhordú an chláir, ina measc buiséadú agus córais inmheánach.
  • Tacaíocht phraiticiúil, comhairle agus spreagadh a thabhairt d’imeachtaí agus do ghníomhachtaí ealaíon a bhaineann leis an óige.
  • Feasacht agus poiblíocht a ardú don chlár.

Ní mór d’iarratasóirí scileanna agus taithí a bheith acu sna réimsí seo a leanas:

  • Tuiscint ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn.
  • Líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • Ardchumas eagrúcháin, riaracháin agus i mbainistiú tograí.
  • Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád.
  • Sár scileanna cumarsáide agus idirphearsanta.
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Cuirfear spás oibre ar fáil don té a cheapfar in oifig de chuid Údarás na Gaeltachta is oiriúnaí don iarrthóir. Beidh gá taisteal mar chuid den ról agus beidh ceadúnas tiomána iomlán glan agus modh iompar riachtanach. Beidh an conradh ar feadh tréimhse 3 bliana agus íocfar scála tuarastal idir €33,000 agus €55,000 sa bhliain ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí.

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:
Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall roimh 4.00 i.n ar an Aoine 21 Aibreán 2023

Tá breis eolais agus sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh.
Teil: (074) 95 60100 nó R-phost: m.fearraigh@udaras.ie

Beidh painéal d’iarrthóirí rathúla a chur le chéile mar thoradh ar na hagallaimh. Beidh an painéal seo i bhfeidhm ar feadh sé mhí agus féadfar, laistigh den am sin, iarrthóirí – a fhaigheann áit ar an phainéal agus a chomhlíonann coinníollacha an phróisis roghnúcháin – a mheas le haghaidh folúntas sa phost.

Is fostóir comhionanna deiseanna é Ealaín (na Gaeltachta) Teo. agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanann muid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiún, dath, bunús eitneach, inscne, claonadh gnéis, aois, stádas pósta nó stádas míchumais.

Is í an Ghaeilge teanga oibre Ealaín na Gaeltachta.