Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2026

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share

Text in Irish reads: Oíche Chultúir sa Ghaeltacht, ag ceiliúradh Ealaín na Gaeltachta. Application deadline: 4 June 2026, which means Culture Night in the Gaeltacht, celebrating Gaeltacht arts. Closing date for applications: 4 June 2026.

Spriocdháta d’iarratais: 4 Meitheamh 2026

Uasmhéid maoinithe: €1,000

Is ócáid náisiúnta bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith don phobal a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha, ealaíon, agus oidhreachta – saor in aisce. Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026.

Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheidh ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2026.

Fáilteofar ach go háirithe roimh iarratais a spreagfaidh rannpháirtíocht chruthaitheach an phobail áitiúil agus roimh imeachtaí a thabharfaidh deis don aos óg páirt ghníomhach a ghlacadh iontu.

Cuirfear fáilte faoi leith roimh imeachtaí a mbeidh daoine a bhfuil dúshláin rochtana rompu in ann freastal orthu.

Tuilleadh Eolais: Oíche Chultúir sa Ghaeltacht – Ealaín na Gaeltachta

Tabhair bronntanas duit féin gach mí!

Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.