Feidhmeannach Chultúra agus Turasóireachta

Tá Amharclann Ghaoth Dobhair, ag tairiscint post ar chonradh bliana mar Feidhmeannach
Chultúrtha & Turasóireachta.
An Post
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh sé de chúram ar an te a
cheapfar clár oibre turasóireachta chultúrtha agus ealaíon a bhainistiú agus a riaradh i gcomhar le
Coiste na hAmharclainne.
Tá fáilte roimh iarratais ó dhaoine le cáilíochtaí i dturasóireacht chultúrtha nó i riaracháin na nealaíon nó cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, chomh maith le taithí i bhforbairt agus i gcur chun
cinn togra turasóireachta chultúrtha nó ealaíona.
I measc príomhfhreagrachtaí an Fheidhmeannach Chultúrtha agus Turasóireachta beidh bainistiú
agus tógáil ar an chlár forbartha turasóireacht chultúrtha agus ealaíona atá í bhfeidhm in Amharclann
Ghaoth Dobhair faoi láthair.
Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:
• líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
• taithí ag obair / bainistiú ionad turasóireachta chultúrtha nó ionad ealaíona
• saineolas i gcúrsaí riaracháin agus forbairt turasóireachta chultúrtha
• tuiscint ar earnáil turasóireachta náisiúnta agus ar eagrais stáit atá ag plé leis an earnáil
• saineolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn
• sárscileanna cumarsáide
• tuiscint ar na meáin shóisialta & na hardáin dhigiteacha agus ar na slite le h-iad a úsáid mar
uirlis bholscaireachta & margaíochta;
• taithí ag bainistiú airgid agus sreabhadh ioncaim
• taithí ag déanamh iarratais ar fhoinsí maoinithe.
• ceadúnas glan tiomána
Freagrachtaí
• Imeachtaí an ionaid a bhainistiú agus a eagrú i gcomhréir leis an choiste bainistíochta ;
• Caiteachas a rialú agus a bhainistiú i gcomhréir leis an choiste bainistíochta;
• Oibriú le páirtithe éagsúla chun maoiniú oiriúnach a aithint don Amharclann agus iarratais a
réiteach ina leith sin;
• Tuiscint ar na meáin shóisialta & na hardáin dhigiteacha agus conas iad a úsáid mar uirlis
bholscaireachta & margaíochta;
• Suíomh idirlín agus na meáin shóisialta a choinneáil suas go dáta;
• Dul i mbun comhairle le soláthraithe táirgí / seirbhísí turasóireachta/ ionaid ealaíona atá ann
chun cúnamh/comhairle a thabhairt lena gcuid gníomhaíochtaí margaíochta;
• An amharclann a fhorbairt mar ionad turasóireachta don cheantar agus mar láthair eolais do
thurasóirí;
• Tabhairt faoi aon dualgas gaolmhar eile de réir mar is gá chun an tionscnamh
Líonra Foghlamtha
Tá an post seo á pháirt-mhaoiniú faoi thionscnamh turasóireachta de chuid Údarás na Gaeltachta
agus beidh an té a cheapfar páirteach i ngréasán foghlama de thograí straitéiseacha turasóireacht sa
Ghaeltacht.
Bainistíocht: Beidh an t-oifigeach freagrach do Choiste na hAmharclainne.
Tuarastal: €35,000 sa bhliain (conradh bliana)
Láthair: Beidh an duine lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair
Caithfear iarratas don phost a bheith seolta isteach roimh 3pm, 24ú Marta 2023.
Tuilleadh eolais : Teil. (074) 9532687 nó R-phost: amharclann1961@gmail.com