Eolas faoi Cuisle

Tá cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc an óige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meitheamh 2018.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an bheart seo a chur i bhfeidhm atá mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Mar pháirt den gclár Cuisle, déanfar gach iarracht forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar clár cuimsitheach don óige ina measc, ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na ceantair Gaeltachta uile.

….léigh tuilleadh

Ranganna sna healaíona dúchasacha i gConamara agus Árainn.

Tá áthas orainn clár ama Cuisle – clár sna healaíona dúchasacha don óige de chuid Ealaín na Gaeltachta – a sheoladh arís i mbliana. Cuireann Cuisle ranganna sa cheol traidisiúnta, na healaíona béil, damhsa agus amhránaíocht ar na sean-nós ar siúl i rith agus i ndiaidh am scoile i gConamara agus Árainn.

Tá buíochas mór ag dul do theagascóirí Cuisle as an obair mhór a dhéanann siad leis na gasúir ó bhliain go bliain, lena chinntiú go bhfuil na healaíona dúchasacha á gcoinneáil beo i measc óige na Gaeltachta.

Tá muid ag baint úsáide as córas nua clárúcháin i mbliana agus síleann muid go ndéanfaidh sé seo rudaí níos fusa dúinn go léir. Is é an córas Class For Kids atá in úsáid againn agus is éasca é a úsáid.

Le do ghasúr a chlárú ní gá ach cliceáil ar an nasc Clárúchán – CUISLE  nó an Cód QR atá ar an gclár ama a scanadh agus a úsáid.

Féach ar an bhfíseán gearr anseo le treoir a fháil, más gá: Treoir maidir le Clárú ar Class For Kids.

N.B. Is gá íocaíocht a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh do ghasúr cláraithe. Ní bheidh aon spás cinntithe go dtí go mbeidh an táille íoctha.

Tá clár Cuisle – clár óige Ealaín na Gaeltachta – arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.