Coimisiún ealaíne poiblí do Champas Íosagáin,
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí

Tá foirgneamh stairiúil, a raibh eolas air le blianta fada mar Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co Chorcaí, á athchóiriú agus á athshamhlú don 21ú haois. Tá lárionad forbartha fiontraíochta agus áiseanna oiliúna agus taighde le láithriú san fhoirgneamh athchóirithe ar Champas Íosagáin. Tar éis breis agus 25 bliana ina raibh an Coláiste dúnta agus ag titim i léig, tá an fhorbairt uaillmhianach seo a cur le fuinneamh cheantar Ghaeltachta Mhúscraí agus na ceantair uile máguaird.
Tá maoiniú á chur ar fáil ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe trí Scéim an Cheatadáin don Ealaín le haghaidh coimisiún ealaíone poiblí a sholáthar don fhorbairt seo. Beidh an próiseas coimisiúnaithe á bhainistiú ag Ealaín na Gaeltachta ar son Údarás na Gaeltachta.
Fáiltíonn na coimisinéirí roimh mholtaí le haghaidh saothair nua ealaíne atá uaillmhianach agus úrmhaireach agus a chruthóidh nasc spleodrach idir oidhreacht an tsuímh agus an 21ú haois. Tá an coimisiún seo dírithe ar an spás poiblí atá ar Champas Íosagáin, agus thart air, a shaibhriú agus a chosaint mar spás atá cuideachtiúil, spreagúil agus fáilteach.
Tá an cuireadh seo oscailte d’ealaíontóirí, do ghrúpaí ealaíontóirí agus do léiritheóirí cruthaitheacha. Tá an tuiscint is leithne ar an ealaín phobail á glacadh i rith an phróisis seo, agus tugtar cuireadh oscailte d’ealaíontóirí ó aon réimse, cleachtas nó réimse ealaíne.
Beidh nasc á chothú ag an saothar ealaíne le gnéithe éagsúla den chomhthéacs agus den suíomh. Tugtar suntas faoi leith do na gnéithe seo a leanas: An Ghaeltacht Chruthaitheach san 21ú hAois; An Oidhreacht Chultúrtha; An Pobal Cuideachtúil.