Dé Sathairn 27ú Meitheamh | 10am – 4.30pm | Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán, H91 P23Y
Tá lúcháir ar Ealaín na Gaeltachta agus ar Visual Artists Ireland cuireadh a thabhairt duit a bheith i láthair ag Caifé na nEalaíontóirí agus na gCoimeádaithe in Amharclann Chois Fharraige. Is ar ealaíontóirí atá i mbun a gcleachtais i gCeantair Ghaeltachta Chonnacht, na Mumhan agus Thír Chonaill, agus ar fud Chontae na Gaillmhe, atá an ócáid seo dírithe, go príomha, agus tabharfaidh sí deis dóibh lá a chaitheamh i mbun plé ar an gcleachtas ealaíne comhaimseartha (le healaíontóirí atá ag obair i réimsí éagsúla).
Céard leis ar cheart duit a bheith ag súil?
Príomhchur i Láthair: Aitheasc ón choimeádaí agus staraí ealaíne Catherine Marshall.
Clinicí & Cuir i Láthair ó na na Coimeádaithe: Faigh léargas ar an gceird ónár n-aoi-choimeádaithe – Mary Conlon, Sara Muthi, Aoife Banks, agus Valeria Ceregini – agus iad ag cur síos ar fhorbairt a dhéanamh ar thaispeántais agus mar a chothaíonn siad caidrimh ghairmiúla. Beidh deis ag na rannpháirtithe clinicí coimeádaíochta 1:1 a eagrú, chomh maith le haiseolas pearsanta a fháil ó choimeádaí.
Taispeántais Cheird na nEalaíontóirí: Bí i láthair ealaíontóirí agus iad ag cur a gcuid saothar i láthair agus ag roinnt a gcuid taithí ar bheith ag forbairt a gcuid ceirde sa gceantar.
Líonrú: Cas le healaíontóirí eile i dtimpeallacht shuaimhneach.
Lón: Cuirfear lón éadrom ar fáil dóibh siúd a bheidh cláraithe.
Is ócáid dhátheangach í seo – Gaeilge agus Béarla.
Táille Chlárúcháin: €10 (lón éadrom san áireamh).
Gach eolas anseo