Tar ag obair linn! 

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg  Oifigeach Ealaíon don Óige

Is é misean Ealaín na Gaeltachta (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta) ná forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht. Táimid ag feidhmiú faoi láthair de réir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027.

Is ról lárnach é seo in obair Ealaín na Gaeltachta. Ag freagairt don Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige, beidh an tOifigeach Ealaíon don Óige freagrach as gnéithe de chlár Chuisle — clár forbartha sna healaíona don óige — a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt de réir spriocanna óige Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 agus comhaontú Ealaín na Gaeltachta leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Is post lánaimseartha é seo, 35 uair an chloig sa tseachtain. Beidh an té a cheapfar i dteideal a bheith rannpháirteach i scéim pinsin Ealaín na Gaeltachta.

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta i gceann de na réigiúin Ghaeltachta, agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile. Beidh roinnt áirithe taistil i gceist. De bharr nádúr an phoist, beidh gá ó am go chéile le hobair thráthnóna agus thar dheireadh seachtaine.

Is fostóir comhdheiseanna é Ealaín na Gaeltachta agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanaimid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiúin, datha, eitneachta, inscne, gnéaschlaonta, aoise, stádais pósta ná stádais míchumais. Bíonn Ealaín na Gaeltachta ag feidhmiú de réir Chód Iompair ‘Sábháilte le Cruthú’. Is í an Ghaeilge ár dteanga oibre.

Tá na sonraí poist ar fáil ar anseo nó trí ríomhphost a sheoladh chuig ma.nifhearraigh@udaras.ie

Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00i.n. ar an Déardaoin, 31 Iúil 2025. Beidh orthu siúd a chuirfear ar an ngearrliosta a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh sa tseachtain dar tús an 18 Lúnasa. Beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar i mbun oibre i mí Mheán Fómhair 2025.

Breis eolais ón Riarthóir, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.