Tá Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC), i gcomhpháirt le hEalaín na Gaeltachta, ag fógairt líon teoranta scoláireachtaí d’amhránaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht in Éirinn, agus a chanann i nGaeilge, le freastal ar Chomhdháil NASC ó 6–8 Márta 2026 i nDún Éideann, Albain.
Tá roinnt scoláireachtaí ar fáil chun tacú le costais chlárúcháin, taistil, lóistín agus per diem do na faighteoirí roghnaithe.
- 3 scoláireacht ar luach €1,000 an ceann — oscailte do dhaoine aonair atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.
Is ócáid 3 lá í Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC), a cheiliúrann amhránaíocht thraidisiúnta agus ceol dúchais ó réigiún an Atlantaigh Thuaidh. Clár traschultúrtha atá i gceist agus beidh ceolchoirmeacha, ceardlanna, pléphainéil, agus ciorcail bheaga amhránaíochta ar bun a thabharfaidh amhránaithe, ceoltóirí, taighdeoirí agus lucht spéise ó gach cearn de réigiún an Atlantaigh Thuaidh, agus níos faide i gcéin, le chéile. Deir Stiúrthóir NASC, Brian Ó hEadhra: “Cibé an amhránaí aitheanta thú, taighdeoir ar an traidisiún béil, ceannaire amhránaíochta pobail, nó duine a bhfuil grá agat do na hamhráin thraidisiúnta, cuireann NASC spás fíoroscailte ar fáil ina bhfuil gach guth luachmhar”.
Suíomh agus Dátaí: Ionad Scéalaíochta na hAlban, Dún Éideann, 6–8 Márta 2026
Spriocdháta: 21 Samhain, 2025
Suíomh Gréasáin NASC: https://www.northatlanticsong.com/
Cliceáil anseo le haghaidh PDF: Conas Iarratas a Dhéanamh