Oiliúint Fianaiseach Gníomhach d’ealaíontóirí, do chruthaitheoirí agus d’oibrithe ealaíne

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share

A teal and white graphic in Irish promoting a Safe to Create event about safe practices in the arts, with Ealaín na Gaeltachta, event details for Monday, 11 May, 10am–1pm at Kerry County Council, and the website safetocreate.ie.

Dé Luain, 11 Bealtaine, 10r.n. – 1i.n.

Comhairle Contae Chiarraí, Oifig Cheantair Chill Orglan, an t-urlár uachtarach, Library Place, Bóthar Uíbh Ráthaigh.

Saor in aisce* d’ealaíontóirí, do chruthaitheoirí agus d’oibrithe ealaíon sna hearnálacha ealaíon agus cruthaitheachta in Éirinn

Gach eolas: Active Bystander – Safe to Create

Is bealach éifeachtach í an oiliúint fianaiseach gníomhach chun daoine a chumhachtú chun dul i ngleic le ciapadh agus leis an idirdhealú san ionad oibre agus le hiompar dá leithéid a chosc. Cuireann an oiliúint seo an t-eolas, na huirlisí agus an spreagadh ceart ar fáil d’oibrithe chun idirghabháil a dhéanamh go sábháilte agus chun iompar míchuí a stopadh sula mbeadh ciapadh neamhdhleathach i gceist. Is i mBéarla a chuirfear an ceardlann i láthair.

Á sheachadadh ag Sábháilte le Cruthú/Safe to Create i gcomhar le Comhairle Contae Chiarraí agus Ealaín na Gaeltachta.

*Éarlais €10 in-aisíoctha chun d’áit a choinneáil. Chun tacú leis an rochtain chothrom agus chun líon na ndaoine nach dtagann ar an lá a laghdú, tá an cheardlann seo saor in aisce, ach iarrtar ar rannpháirtithe éarlais €10 a íoc chun a n-áit a choinneáil. Tá sparánachtaí ar fáil ar son costais taistil/lóistín.

Tabhair bronntanas duit féin gach mí!

Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.