Cuspóir na hOiliúna
Cuireann Arts & Disability Ireland Oiliúint Comhionannais Míchumais (DET) ar fáil, oiliúint atá dírithe ar eagraíochtaí ealaíon atá ag iarraidh ealaíontóirí agus lucht éisteachta/féachana atá faoi mhíchumas a chur san áireamh sa méid a dhéanann siad.
Aidhmeanna na hOiliúna
Is é sprioc an chúrsa seo tuiscint ghinearálta a thabhairt duit ar na dúshláin a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht daoine atá faoi mhíchumas sna healaíona.
Scrúdófar na baic a bhíonn le sárú ag daoine atá faoi mhíchumas agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh sna healaíona, agus tabharfar réiteach ar na baic sin.
Léireofar freisin go bhfuil na baic a bhíonn ar an rannpháirtíocht sna healaíona ag athrú de shíor, agus go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith gníomhach agus páirteach sa bpobal faoi mhíchumas go háitiúil, go náisiúnta agus uaireanta go hidirnáisiúnta.
Torthaí foghlama na hoiliúna seo
De réir mar a thiocfaidh forbairt agus athruithe ar an ábhar a phléifear sa gcúrsa seo le himeacht ama, tiocfaidh forbairt chomh maith céanna ar na cúinsí a bheidh ar eagraíochtaí ealaíon a chur san áireamh le go mbeidh teacht ag an uile dhuine orthu anois agus amach anseo.
Cabhróidh an oiliúint seo le grúpaí cur chuige réamhghníomhach a fhorbairt maidir le beartais agus cleachtais rochtana a fhorbairt.
Sonraí an chláir
Clúdófar leithéidí na dtopaicí seo sa gclár:
• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas
• Múnlaí Míchumais
• Reachtaíocht na hÉireann
• Ceisteanna Rochtana (Timpeallacht agus Cumarsáid)
• Seirbhísí Rochtana
• Dea-bhéasa Míchumais
• Comharthaíocht Rochtana
• Margaíocht Inrochtana
• Teanga
Cláraigh anseo: