Tá coimisiún nua á bhronnadh ag Údarás na Gaeltachta ar an scannánóir Mary Keane do thogra ealaíne pobail ar Champas Íosagáin. Beidh sí ag obair le pobal Mhúscraí, le hiarscoláirí Choláiste Íosagáin, agus i gcomhar leis an gcompántas rince clúiteach Teaċ Daṁsa ar scannán nua a fhorbairt, a shníomhann cuimhní, scéalta agus rince le chéile mar chomóradh ar oidhreacht Choláiste Íosagáin agus é á athfhorbairt don 21ú haois.
Tar éis breis agus 25 bliana den seancholáiste réamhullmhúcháin a bheith dúnta, d’fhógair Údarás na Gaeltachta togra mór athfhorbartha ar an seanfhoirgneamh mar lárionad nua forbartha fiontraíochta. Ré nua a bheidh ann don suíomh, ina mbeidh sé ag cothú uaillmhian, éirim agus spiorad fiontraíochta na Gaeltachta arís.
Is de thoradh próisis glaoigh oscailte a bronnadh an coimisiún. Cuireadh maoiniú de €68,000 ar fáil don togra seo ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe trí Scéim an Chéatadáin don Ealaín. Rinne Ealaín na Gaeltachta bainistíú ar an bpróiseas coimisiúnaithe ar son Údarás na Gaeltachta.
Tá Mary ag lorg ionchuir ó iarscoláirí an choláiste, bíodh siad i gcóngar nó i bhfad i gcéin.
Más mian leat do chuimhní faoi Choláiste Íosagáin a roinnt le Mary, déan teagmháil léi ar bosca.smaointe@mail.com nó 087 4443628
