A colourful radial chart inspired by Ealaín na Gaeltachta features overlapping segments in navy blue, orange, teal, and pink spreading outward from a central white circle on a light background.

Cuisle -

Clár Óige Ealaín na Gaeltachta

Is í an fhís atá ag CUISLE ná Gaeltacht a bhfuil borradh fúithi agus ina n-aithnítear daoine óga mar ealaíontóirí atá rannpháirteach agus i mbéal forbartha agus gurb iad cuisle – croí agus anam – na Gaeltachta iad; iad cruthaitheach, ilchineálach agus fite fuaite i ngach gné de phobal a chuireann fáilte roimh chách.

Is le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, mar thacaíocht don Phróiseas Pleanála Teanga, a chuirtear clár Cuisle ar fáil. 

Deiseanna don Óige

Tacaíonn Ealaín na Gaeltachta, tríd an gclár Cuisle, le deiseanna ealaíon trí Ghaeilge don óige a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Cuirimid maoiniú agus tacaíocht ar fáil do ranganna agus do cheardlanna, agus do thionscadail sna healaíona dúchasacha agus sa drámaíocht fud fad na Gaeltachta. Bígí i dteagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil nó le haon smaoineamh atá agaibh a phlé.

A woman with long brown hair, wearing a patterned top, sings or speaks outdoors against a rocky shoreline background. The Cuisle logo and the Ealaín na Gaeltachta name are visible in the bottom left corner.
A violin and bow lie on a reflective surface before a large drum, evoking Ealaín na Gaeltachta. Two black wind instruments cross the violin diagonally, whilst the dark background enhances the contrast of these traditional instruments.
A large teal circle, reminiscent of Ealaín na Gaeltachta designs, is partially visible on the right side of a light grey background, with only a portion of the circle shown.

Clár Ranganna sna hEalaíona Dúchasacha i gConamara agus ar Oileáin Árann

A group of children in matching blue shirts smile and raise one arm whilst practising a dance routine inspired by Ealaín na Gaeltachta in a bright room.

Deiseanna sna hEalaíona Dúchasacha agus sa Drámaíocht don Óige ar fud na Gaeltachta 

Cláir eile a dtacaíonn muid leo

Four young people stand holding violins, appearing ready to play. They face to the right and look focused. A colourful sign for Ealaín na Gaeltachta and blurred figures are visible in the background.
A large teal circle, inspired by Ealaín na Gaeltachta, is partially visible in the upper right corner against a white background.

Scoil Cheoil na Crannóige

A group of musicians sits in a semicircle on a dark stage, playing various instruments including a banjo, accordion, guitar, violin, and harp—an intimate performance enriched by the spirit of Ealaín na Gaeltachta.
A large teal circle, inspired by Ealaín na Gaeltachta, is partially visible in the upper right corner against a white background.

Ionad Cultúrtha an Dr Ó Loingsigh, Baile Bhuirne

Scéimeanna Cuisle atá ar oscailte faoi láthair

Treisiú

Tacaíocht do thionscadail aon uaire sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/Amharclannaíocht don óige trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Uasmhéid Maoinithe:

€15,000

Spriocdháta:

27 Lúnasa 2026

Neartú

Tacaíocht do chláir leanúnacha don óige trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/san Amharclannaíocht.

Uasmhéid Maoinithe:

€15,000*

Spriocdháta:

23 Aibreán (do chláir a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair 2026)

Síol

Tá Scéim Síol oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine aonair lasmuigh de chomhthéacs foirmeálta oideachais sna ceantair Ghaeltachta. Tabharfar tús áite do thograí atá á reáchtáil go hiomlán as Gaeilge.

Uasmhéid Maoinithe:

€1,000

Spriocdháta:

Leanúnach

Tabhair bronntanas duit féin gach mí!

Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.