Ealaín na Gaeltachta & Gaillimh 2020: ‘Óró..’

Is togra uaillmhianach drámaíochta agus ealaíne é Óró.. a thabharfas cúigear ealaíontóirí gairmiúla a bhíonn ag saothrú i mionteangacha na hEorpa i gcomhpháirt lena macasamhail de bhunús Gaeltachta chun tabhairt faoi mhór-shaothar nua drámaíochta agus taibh-ealaíne a chruthú agus a léiriú.

Teanga, tírdhreach agus imirce na príomh-théamaí a shníomhfas le chéile an mórshaothar nua seo atá á chruthú thar thréimhse bliana agus a léireofar in Amharclann speisialta suíomhoiriúnaithe ar an gCeathrú Rua ón Luan 21 go Satharn 26 Meán Fómhair 2020.

Is iad na healaíontóirí Éireannacha atá páirteach sa léiriú seo ná: An tAisteoir Síle Nic Chonaonaigh, An Córagrafadóir Sibéal Davitt, An Ceoltóir agus Cumadóir Maitiú Ó Casaide, An Dearthóir Seán Ó Flaithearta & An tAisteoir Diarmuid De Faoite.

Is iad na healaíontóirí iasachta ná – An Damhsóir Comhaimseartha Amaia Elizaran (Tír na mBascach), An File Taran Spalding-Jenkin (Corn na Breataine), An Fonnadóir Kathleen MacInnes (Alba), An File & Péintéir Anne Feddema (An Fhreaslainn) & An tAmhránaí & Ceoltóir Kizzy Crawford (An Bhreatain Bheag).

Tá foireann ghairmiúil léirithe earcaithe freisin chun comhordú agus riaradh a dhéanamh ar gach gné den togra idirnáisiúnta seo faoi stiúir an léiritheora cruthaitheach Darach Mac Con Iomaire.

Léiriú iomlán comhaimseartha a bheas in Óró.. a thabharfas dúshlán na n-ealaíontóirí agus an lucht féachana araon. Cé go mbeidh iliomad formaid ealaíne sníomhtha go snasta sa léiriú seo, is é an scéal láidir a bheas ina lár a thiománfas an togra seo agus a chuirfeas an lucht féachana ag machnamh ar na téamaí – teanga, tírdhreach agus imirce agus an tionchur atá acu seo uilig ar a chéile. Beidh na sé theangacha éagsúla á snaoi le chéile chun eispéaras úrnua, spreagúil agus neamhghnách a chruthú don phobal.

Cé go bhfuil clár ealaíne Gaillimh 2020 curtha go mór as a riocht de bharr Covid 19, tá na healaíontóirí atá páirteach ar Óró.. ag nascadh faoi láthair ar líne chun an píosa ealaíne uaillmhianach seo a chruthú agus fiú má leanann na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair amach sa bhFómhar, cuirfear an léiriú seo faoi bhráid an phobail i mí Meán Fómhair, ar líne, más gá.

Tá Ealaín na Gaeltachta fíor-buíoch do na páirtnéirí agus na maoinitheoirí éagsúla seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta leis an mórthogra ealaíne seo.