About Ealain

About Us

Ealaín na Gaeltachta Teo. promotes the development of the contemporary and the traditional arts in the Gaeltacht and is a joint venture between Údarás na Gaeltachta and the Arts Council.

Ealaín na Gaeltachta provides services and grant schemes that support the development of arts organisations and individual artists. We also support training and mentoring support, as well as supporting initiatives that help build the capacity of and infrastructure for the arts in the Gaeltacht.

Tar ag Obair Linn! Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht Dhún na nGall (clúdach saoire mháithreachais)

Is é misean Ealaín na Gaeltachta (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta) ná forbairt na n[1]ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht, agus is de réir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 atáimid ag feidhmiú faoi láthair.

Beidh sé de phríomhchúram ar an té a cheapfar an clár oibre i dtaca leis seo a chur i bhfeidhm i nGaeltacht Dhún na nGall, mar aon le tacú le hobair eile na heagraíochta. Is post lánaimseartha é seo, ar chonradh cuspóra sheasta chun saoire mháithreachais a chlúdach.

Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00 i.n. ar an Céadaoin, 15 Aibreán, 2026.

Scéim Treisiú 2026 Babhta 1

Tacaíocht do thionscadail aon uaire sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/Amharclannaíocht don Óige trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Spriocdháta Babhta I: 26 Feabhra 2026

Ranganna sna healaíona dúchasacha i gConamara agus Árainn.

Tá áthas orainn clár ama Cuisle – clár sna healaíona dúchasacha don óige de chuid Ealaín na Gaeltachta – a sheoladh arís i mbliana. Cuireann Cuisle ranganna sa cheol traidisiúnta, na healaíona béil, damhsa agus amhránaíocht ar na sean-nós ar siúl i rith agus i ndiaidh am scoile i gConamara agus Árainn.

Tá buíochas mór ag dul do theagascóirí Cuisle as an obair mhór a dhéanann siad leis na gasúir ó bhliain go bliain, lena chinntiú go bhfuil na healaíona dúchasacha á gcoinneáil beo i measc óige na Gaeltachta.

Tá muid ag baint úsáide as córas nua clárúcháin i mbliana agus síleann muid go ndéanfaidh sé seo rudaí níos fusa dúinn go léir. Is é an córas Class For Kids atá in úsáid againn agus is éasca é a úsáid.

Le do ghasúr a chlárú ní gá ach cliceáil ar an nasc Clárúchán – CUISLE  nó an Cód QR atá ar an gclár ama a scanadh agus a úsáid.

Féach ar an bhfíseán gearr anseo le treoir a fháil, más gá: Treoir maidir le Clárú ar Class For Kids.

N.B. Is gá íocaíocht a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh do ghasúr cláraithe. Ní bheidh aon spás cinntithe go dtí go mbeidh an táille íoctha.

Tá clár Cuisle – clár óige Ealaín na Gaeltachta – arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Cláraigh do Nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta anseo

Teagmháil tapa