Fógra Poist – Cúntóir Riaracháin

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share

Tar ag obair linn!

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg Cúntóir Riaracháin

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag tairiscint post lánaimseartha ar chonradh bliana mar Chúntóir Riaracháin (Ealaíona).  Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar riaradh poiblí na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Ealaíona) le dualgais riaracháin agus comhordaithe i ngach foireann agus clár réigiúnach de chuid na heagraíochta agus cuirfidh le cláir agus le tionscnaimh forbartha ealaíon a chur ar fáil go héifeachtach.

Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta i gceann de na réigiúin Ghaeltachta agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile. Beidh roinnt áirithe taistil i gceist. Toisc an cineál poist a bheidh ann, beidh gá ó am go chéile le hobair um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine.

Is poist lánaimseartha iad seo, 35 uair an chloig sa tseachtain. Beidh an té a cheapfar i dteideal a bheith rannpháirteach i scéim phinsin Ealaín na Gaeltachta.

Is é misean Ealaín na Gaeltachta (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta) forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht. Táimid ag feidhmiú faoi láthair de réir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027.

Is fostóir comhdheiseanna é Ealaín na Gaeltachta agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanaimid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiúin, datha, eitneachta, inscne, gnéaschlaonta, aoise, stádais pósta ná stádais míchumais. Bíonn Ealaín na Gaeltachta ag feidhmiú de réir Chód Iompair ‘Sábháilte le Cruthú’. Is í an Ghaeilge ár dteanga oibre.

Tá na sonraí poist ar fáil ar ealain.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig earcaíocht@orlakingcoaching.ie.

Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00 i.n. ar an Mháirt, 13 Deireadh Fómhair 2026. Beidh orthu siúd a chuirfear ar an ngearrliosta a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh an tseachtain dar tús an 19 Deireadh Fómhair. Beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar i mbun oibre i mí na Samhna 2026.

Breis eolais ar fáil ag Teil.: (087) 9845057 R-phost: earcaíocht@orlakingcoaching.ie

Brighten up your inbox!

Stay connected to the vibrant world of Irish arts and culture in the Gaeltacht – sign up for Ealaín na Gaeltachta’s monthly newsletter and never miss an update on the latest events, news, and creative inspirations.