Course for Gaeltacht Based Drama Facilitators

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share

Beidh cúrsa oiliúna drámaíochta ar siúl i gCorca Dhuibhne leis an oiliúnaí agus aisteoir iomráiteach Diarmuid de Faoite i rith an fhómhair.

Tá an cúrsa seo dírithe ar oiliúint ardchaighdeáin a chur ar áisitheoirí drámaíochta ionas go mbeadh painéal daoine oilte ar fáil a fhreastalódh ach go háirithe, ar dhaoine óga i nGaeltachtaí na tíre.

I measc ábhar an chúrsa beidh leithéidí:

  • Dea-chleachtas in obair an áisitheora: struchtúr, teorainneacha, meas agus rialacha
  • Pleanáil agus struchtúrú ceardlanna
  • Bainistiú grúpaí
  • Cluichí agus gníomhaíochtaí spreagúla

Rithfear an cúrsa thar dhá dheireadh seachtaine, agus beidh ceithre lá oiliúna i gceist san iomlán. ‘Siad dátaí an chúrsa ná:

  • 10 & 11 Deireadh Fómhair
  • 14 & 15 Samhain

Ós rud é go mbeidh líon teoranta spásanna ar fáil, mholfaimis duit do spéis sa chúrsa a léiriú chomh luath agus is féidir.

Níl aon táille le híoc ar an gcúrsa agus beidh liúntas taistil agus cothaithe ar fáil do líon teoranta dóibh siúd a bheidh ag fanacht thar oíche. Más suim leat páirt a ghlacadh sa chúrsa, seol ríomhphost chuig cuisle@udaras.ie

Seo roinnt aiseolais ó rannpháirtithe a rinne an cúrsa seo cheana:

‘Bhí sé ar cheann de na gearrchúrsaí is fearr ar fhreastail mé orthu ariamh.’

‘D’uireasa an chúrsa, ní bheadh sé ar mo chumas ceardlanna drámaíochta a chur ar fáil sa phobal agus bheadh deis caillte ag glúin iomlán drámadóirí óga.’

‘Bhí an caighdeán thar a bheith ard ó thús deireadh.’

‘Bhí sé fíorthorthúil agus thug sé misneach dom mar áisitheoir agus mar aisteoir.’

Brighten up your inbox!

Stay connected to the vibrant world of Irish arts and culture in the Gaeltacht – sign up for Ealaín na Gaeltachta’s monthly newsletter and never miss an update on the latest events, news, and creative inspirations.