Artist Bursary 2024

Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí 2024

Cuireann Ealaín na Gaeltachta fáilte roimh ealaíontóirí Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Scéim Sparánachta 2024. Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí, ag gach staid dá gcleachtas gairmiúil, in aon réimse nó réimse cleachtais sna healaíona, atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Méid na Sparánachta:

  1. €5,000 an t-uasmhéid d’ealaíontóir atá luath ina gcleachtas
  2. €10,000 an t-uasmhéid d’ealaíontóir atá níos aibí ina gcleachtas

Clinicí Eolais

Beidh na clinicí eolais seo ar siúl ar an 23 Iúil ag a 7i.n nó ar an 24 Iúil ag a 10r.n. Is féidir clárú don chlinic eolais trí ríomhphost a sheoladh chuig ealain@udaras.ie. Déan cinnte do rogha dáta thuas a lua sa ríomhphost.

Bí i dteagmháil linn

Is féidir, agus moltar, labhairt leis an Áisitheoir Ealaíon i do réigiún, a bheidh lánsásta cabhrú leat d’iarratas a dhéanamh.

Tacaíochtaí Rochtana

Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta.

Tá an Scéim Sparánachta á reáchtáil ag Ealaín na Gaeltachta agus á chómhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.

Is gá an fhoirm iarratais, an fhoirm dheimhniúcháin agus an t-ábhar tacaíochta a sheoladh chugainn roimh an spriocdháta – 29 Lúnasa 2024.

Íoslódáil na foirmeacha seo thíos

  1. An fhoirm dheimhniúcháin
  2. Treoir & An fhoirm iarratais