Aidhm na Scéime
Is é aidhm na scéime seo tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla aonaracha atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, le go mbeidh siad in ann am a chur ar leataobh le barr feabhais chur ar a gcleachtas ealaíne.
Cé air a bhfuil an Scéim seo dírithe?
Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí…
- in aon réimse cleachtais ealaíne;
- atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge;
- atá ag aon staid dá gcleachtas gairmiúil. Ciallaíonn sé seo go bhfuil saothar nó cumas d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe acu, go bhfuil cáilíochtaí agus/nó taithí c(h)uí acu maidir lena gcleachtas ealaíne agus go n-aithnítear mar chleachtóir gairmiúil iad i measc a gcomhealaíontóirí. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach acu óna gcleachtas ealaíne.
Tá sé mar sprioc straitéiseach ag Ealaín na Gaeltachta tacú leis na healaíona don óige, agus cuirtear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí gairmiúla sa réimse cleachtais seo.
Ní ghlacaimid le hiarratais uathu siúd atá sa chóras oideachais. Is féidir eisceacht a dhéanamh má tá ealaíontóir i mbun a g(h)airme agus ag tabhairt faoi iarchéim. Sa chás sin, ní thacóidh sparánacht le hábhar atá bainteach leis an iarchéim féin.
Tá dhá shraith i gceist leis an deontas seo:
Sraith 1
Tá Sraith 1 dírithe ar ealaíontóirí atá luath ina gcleachtas agus atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas gairmiúil. Beifear ag súil go léireoidh siad go bhfuil siad ag díriú ar fhorbairt a dhéanamh ar a gcleachtas ealaíne ar bhealach a bhfuil fás, fiosrú agus foghlaim i gceist leis. Glacfar le costais a bheadh lárnach nó riachtanach don phróiseas cruthaitheach agus d’fhorbairt cleachtais, mar shampla:
- Forbairt a dhéanamh ar scileanna cruthaitheacha agus/nó teicniúla atá ábhartha don chleachtas ealaíne;
- Taighde nó forbairt a dhéanamh ar smaoineamh nua, mar ullmhúchán do chur i láthair nó do thogra amach anseo;
- Tacaíocht le haghaidh meantóireachta ó ealaíontóir eile ar feadh tréimhse shonraithe;
- Freastal ar thréimhse chónaitheach;
- Tacaíocht le trealamh riachtanach a fháil ar cíos nó a cheannach atá lárnach don phróiseas cruthaitheach nó don fhorbairt ghairmiúil.
€5,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 1.
Is faoi na healaíontóirí iad féin atá sé iad féin a aithint mar ealaíontóir atá ‘luath ina gcleachtas’. D’fhéadfadh sé go mbeidís ag cleachtadh go gairmiúil ar feadh tréimhse níos lú ná 5 bliana, nó ag filleadh ar a gcleachtas ealaíne tar éis bearna shuntasach ama, nó nach bhfuil móraitheantas bainte amach acu go fóill dá saothar ealaíne.
Sraith 2
Tá Sraith 2 dírithe ar ealaíontóirí a bhfuil taithí na mblianta agus cleachtas forbartha acu, agus atá ag iarraidh tuilleadh ama a chaitheamh ag déanamh forbairt leanúnach ar a gcleachtas. Is é príomhaidhm na sraithe seo costas ama an ealaíontóra a chlúdach, ionas gur féidir díriú go sonrach ar an bpróiseas cruthaitheach féin thar thréimhse ar leith.
I dteannta chostas ama an ealaíontóra a chlúdach, glacfar le costais eile a bheadh lárnach nó riachtanach don phróiseas cruthaitheach agus d’fhorbairt an chleachtais, mar shampla:
- Tacaíocht le costais eile a chlúdach atá lárnach sa phróiseas cruthaitheach nó san fhorbairt;
- Forbairt saothair faoi leith trí chostas ábhar a chlúdach;
- Tacaíocht do mheantóireacht ó ealaíontóir eile ar feadh tréimhse shonraithe;
- Freastal ar thréimhse chónaitheach;
- Tacaíocht le trealamh riachtanach a fháil ar cíos nó a cheannach atá lárnach don phróiseas cruthaitheach nó don fhorbairt ghairmiúil.*
€10,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 2.
*Ní ghlacfar le caiteachas níos mó ná 30% den bhuiséid ar threalamh.
Tacaíochtaí Rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh a fháil chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta.
Tabhair faoi deara nach féidir leat iarratas a chur isteach i leith costais rochtana le d’iarratas a chomhlánú.
Conas iarratas a dhéanamh
San fhoirm iarratais, déan cur síos soiléir agus cuimsitheach ort féin mar ealaíontóir, ar do chleachtas go dtí seo agus ar an méid ba mhaith leat a bhaint amach le cabhair na sparánachta. Seol chugainn, leis an bhfoirm iarratais, ábhair thacaíochta a léireoidh do chleachtas go soiléir.
Ní féidir glacadh leis go mbeidh an painéal ar an eolas faoi do chleachtas ná faoi do shaothar ealaíne. Is painéil neamhspleácha a dhéanann measúnú ar na hiarratais, agus is painéil dhifriúla a bhíonn i gceist gach bliain.
Is gá an fhoirm iarratais, an fhoirm dheimhniúcháin agus an t-ábhar tacaíochta a sheoladh chugainn roimh an spriocdháta – 17 Iúil 2025.
Ábhar Tacaíochta
Is gá an t-ábhar seo leanas a chur leis an iarratas, ionas go mbeidh dóthain eolais ar fáil don phainéal chun na hiarratais a mheas go cothrom:
- Do CV ealaíne agus CV aon ealaíontóir eile a bheidh páirteach sa mhéid atá molta agat i gceist 6 den iarratas (meantóir, mar shampla). Ná bíodh sonraí teagmhála pearsanta ar aon CV;
- Samplaí de do shaothar ealaíne (féach thíos sonraí faoi conas iad seo a chur ar fáil);
- Eolas ábhartha ar bith eile a thacóidh leis an bpainéal d’iarratas nó do chleachtas a thuiscint;
- Más mian leat a bheith ag obair le meantóir nó le healaíontóir eile, ní mór duit litir chomhaontaithe agus CV uathu a chur isteach leis an iarratas.
Clinicí Eolais
Beidh clinicí eolais faoin Scéim ar siúl ar an 17 Meitheamh ag 7i.n nó ar an 18 Meitheamh ag 10r.n. Is féidir clárú don chlinic eolais trí ríomhphost a sheoladh chuig ealain@udaras.ie le do rogha ceann de na dátaí thuas.
Bí i dteagmháil linn
Is féidir, agus moltar, labhairt leis an Áisitheoir Ealaíon i do réigiún, a bheidh lánsásta cabhrú leat d’iarratas a dhéanamh. Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist ar bith agat. De bharr líon na n-iarratas a bhíonn ag teacht isteach ar an spriocdháta, moltar an t-iarratas a ullmhú, agus comhairle a lorg, chomh fada roimh ré agus is féidir leat. Ní féidir linn geallúint a thabhairt go mbeimid in ann tacú leat ar lá an spriocdháta. Pléifear le ceisteanna de réir mar a thiocfaidh siad isteach.
Connacht & Co. na Mí: Ceara Conway 091 503100 c.conway@udaras.ie
Tír Chonaill: Danielle Nic Pháidín 074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie
Cúige Mumhan: Marina Ní Dhubháin 085 8335836 m.nidhubhain@udaras.ie
Tá an Scéim Sparánachta á reáchtáil ag Ealaín na Gaeltachta agus á chómhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.