Oifigeach Cumarsáide agus Caidrimh Phoiblí 

Oifigeach Cumarsáide agus Caidrimh Phoiblí 

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag tairiscint post páirtaimseartha mar Oifigeach Cumarsáide agus Caidrimh Phoiblí ar chonradh dhá bhliain.

Is é misean Ealaín na Gaeltachta (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta) ná forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht, agus táimid ag feidhmiú faoi láthair de réir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027.

Beidh sé de phríomhchúram ar an té a cheapfar cúrsaí cumarsáide agus caidrimh phoiblí na heagraíochta a bhainistiú agus a láimhseáil ar bhonn straitéiseach agus ar bhonn praiticiúil ó lá go lá.

Dualgais an Phoist:

  • Seirbhís cumarsáide ar ardchaighdeán a bhainistiú agus a láimhseáil a fhreagraíonn do straitéis agus riachtanais Ealaín na Gaeltachta
  • Feasacht ar obair Ealaín na Gaeltachta a mhéadú agus branda na heagraíochta a láidriú
  • Riosca a bhainistiú maidir le clú na heagraíochta
  • Deimhniú go bhfuil cumarsáid na heagraíochta dírithe ar an inrochtaineacht is leithne a sholáthar don phobal
  • Ábhar seachtrach agus inmheánach reatha (míreanna nuachta agus deiseanna don earnáil) a bhailiú chun an nuachtlitir mhíosúil a chur le chéile
  • Bainistiú, forbairt agus uasdátú a dhéanamh ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh gréasáin Ealaín na Gaeltachta agus a chinntiú go bhfuil gach eolas ar fáil ar líne maidir le seirbhísí na heagraíochta
  • Fógraíocht dhigiteach & thraidisiúnta a bhainistiú
  • Dearadh, scríobh agus bainistiú preaseisiúintí, feachtais phoiblíochta agus chumarsáide
  • Plé le fiosruithe ó na meáin agus na socruithe cuí a bhainistiú
  • Ábhar físiúil ag ócáidí poiblí a bhainistiú, a thaifeadadh agus a dhoiciméadú
  • Comhoibriú leanúnach leis an bhfoireann
  • Bainistiú a dhéanamh ar dhearadh agus ar chur chuige straitéiseach maidir le hábhar margaíochta don eagraíocht
  • Bainistiú ar acmhainní físiúla na heagraíochta
  • Tuairiscí Cumarsáide agus Margaíochta rialta a sholáthar a chuidíonn le hEalaín na Gaeltachta iarratais mhaoinithe bhliantúla a dhéanamh

Riachtanais don phost:

  • Cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal agus taithí ghairmiúil sa réimse cumarsáide & caidrimh phoiblí
  • Cumas ardchaighdeáin labhartha agus scríofa as Gaeilge agus as Béarla
  • Taithí ar earnáil na n-ealaíon
  • Taithí i mbainistiú & in úsáid straitéiseach na meán sóisialta agus traidisiúnta
  • Cumas feidhmiú de réir sceidil, cloí le spriocdhátaí agus feidhmiú go solúbtha nuair is gá
  • Cumas oibriú as do stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann
  • Scileanna idirphearsanra & cumarsáide den scoth
  • Scileanna ríomhaireachta & teicniúla den scoth, cur amach ar na bogearraí ábharacha san áireamh
  • Cumas chun smaoineamh go cruthaitheach agus i gcruthú ábhar d’ardchaighdeán d’ardáin ar líne, idir focal, fuaim agus fís, agus i mbainistiú na n-ardán sin
  • Tuiscint ar chearta úsáide agus cosaint sonraí maidir le hábhar a bhailiú agus a roinnt

Faoin bpost:

Is fostóir comhdheiseanna é Ealaín na Gaeltachta agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanann muid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiún, dath, bunús eitneach, inscne, claonadh gnéis, aois, stádas pósta ná stádas míchumais. Bíonn Ealaín na Gaeltachta ag feidhmiú de réir Chód Iompair ‘Sábháilte le Cruthú’.

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta, agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile. Beidh roinnt áirithe taistil i gceist. De bharr nádúr an phoist, beidh gá ó am go chéile le hobair thráthnóna agus thar dheireadh seachtaine.

Is post páirtaimseartha é seo, idir 16-20 uair an chloig sa tseachtain, ar chonradh dhá bhliain (ag brath ar mhaoiniú leordhóthanach a bheith ar fáil). Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.

Beidh deis ag an té a cheapfar a bheith páirteach i scéim pinsin na heagraíochta.

Faoin bpróiseas ceapacháin: Déanfar gearrliostú ar iarratais de réir taithí agus cáilíochtaí agus cuirfear agallamh, bunaithe ar inniúlachtaí, ar na hiarrthóirí ar an ngearrliosta. Beidh ar iarrthóirí a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh sa tseachtain dar tús an 27 Eanáir 2025 agus beifear ag súil go gcuirfidh an té a cheapfar tús lena gcuid oibre faoi thús mhí an Mhárta 2025.

Beidh painéal d’iarrthóirí rathúla á chur le chéile mar thoradh ar na hagallaimh. Beidh an painéal seo i bhfeidhm ar feadh sé mhí, agus féadfar, laistigh den am sin, iarrthóirí – a fhaigheann áit ar an bpainéal agus a chomhlíonann coinníollacha an phróisis roghnúcháin – a mheas le haghaidh folúntais sa phost.

Seol iarratas mar aon le CV, roimh 4.00i.n., Déardaoin, 6 Feabhra 2025 chuig

An Riarthóir,

Ealaín na Gaeltachta Teo.,

Údarás na Gaeltachta,

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,

Doirí Beaga, Leitir Ceanainn,

Co. Dhún na nGall

Teil.: (074) 95 60100. R-phost: ma.nifhearraigh@udaras.ie