Neartú & Nóta Funding Scheme under the Traditional Arts for Youth Programme

Fógraíonn an Clár sna hEalaíona Dúchasacha don Óige dhá scéim maoinithe don scoil bhliain 2020-2021; siad sin Scéim Neartú agus Scéim Nóta.

Scéim Neartú 2020 (uasmhéid maoinithe €15,000)

Tagann Scéim Neartú in áit an Scéim Tacaíochta sna hEalaíona Dúchasacha don óige a fógraíodh i 2019.

Fógraítear Scéim Neartú le breis forbairt a dhéanamh ar na healaíona dúchasacha don t-aos óg le linn an scoil bhliain 2020-2021. Is ar mhaithe le soláthar clár agus ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus na healaíona béil ar fud na Gaeltachta an scéim seo atá oscailte do:

  • ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí ar mian leo leanúint leis an chlár atá á riar acu cheanna féin trí thacaíocht ó Ealaín an Gaeltachta.
  • dóibh seo nach bhfuil macasamhail seo de scéim ina gceantar Gaeltachta cheanna féin agus ar mian leo a leithid a fhorbairt.

Fáiltíonn muid roimh iarratais a chuimsíonn:

  • Soláthar ranganna teagasc do dhaoine óga ina bhfuil béim ar chomhpháirtíocht le scoileanna aitheanta Gaeltachta agus an próiseas Pleanála Teanga (i rith agus/ nó i ndiaidh am scoile)

Is í an 29ú Bealtaine 2020 an spriocdháta le haghaidh an scéim seo.

 

Scéim Nóta 2020 (uasmhéid maoinithe €1,000)

Is scéim straitéiseach í NÓTA atá oscailte do ghrúpaí agus daoine aonaracha sna ceantair Gaeltachta lasmuigh de chomhthéacs oideachais foirmeálta. Is ar mhaithe le breis deiseanna don óige sna healaíona dúchasacha a fhorbairt taobh amuigh de sholáthar clár agus ranganna an scéim seo.

Táthar ag súil go mbeidh borradh le rannpháirtíocht an óige sna healaíona dúchasacha ag leibhéal pobail. Spriocdháta Leanúnach.

 

Moltar teagmháil a dhéanamh leis an gcomhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha sula ndéantar iarratas ar aon cheann do na scéimeanna thuas.

Le tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratas a fháil, déan teagmháil Elaine Scahill, Comhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha don Óige:

e.scahill@udaras.ie nó 091-503100.