Scoláireachtaí – Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC)

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share


Tá Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC), i gcomhpháirt le Ealaín na Gaeltachta,  ag fógairt líon teoranta scoláireachtaí d’amhránaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht in Éirinn, agus a chanann i nGaeilge, le freastal ar Chomhdháil NASC ó 26ú-28ú Feabhra 2027 i nDún Éideann, Albain.

Tá roinnt scoláireachtaí ar fáil chun tacú le costais chlárúcháin, taistil, lóistín agus per diem do na faighteoirí roghnaithe.

3 scoláireacht ar luach €1,000 an ceann — oscailte do dhaoine aonair atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.

Is ócáid 3 lá í Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC), a cheiliúrann amhránaíocht thraidisiúnta agus ceol dúchais ó réigiún an Atlantaigh Thuaidh. Clár traschultúrtha atá i gceist agus beidh ceolchoirmeacha, ceardlanna, pléphainéil, agus ciorcail bheaga amhránaíochta ar bun a thabharfaidh amhránaithe, ceoltóirí, taighdeoirí agus lucht spéise ó gach cearn de réigiún an Atlantaigh Thuaidh, agus níos faide i gcéin, le chéile. Deir Stiúrthóir NASC, Brian Ó hEadhra: “Cibé an amhránaí aitheanta thú, taighdeoir ar an traidisiún béil, ceannaire amhránaíochta pobail, nó duine a bhfuil grá agat do na hamhráin thraidisiúnta, cuireann NASC spás fíoroscailte ar fáil ina bhfuil gach guth luachmhar”.

Suíomh agus Dátaí: Ionad Scéalaíochta na hAlban, Dún Éideann, 26ú- 28ú Feabhra 2027.

Spriocdháta: 20ú Samhain, 2026

Suíomh Gréasáin NASC: https://www.northatlanticsong.com/

Conas Iarratas a Dhéanamh

Amhránaithe 18 mbliana d’aois agus níos sine

Líne ábhair an ríomhphoist: Scoláireacht NASC & Ealaín na Gaeltachta

Seol:

  • Scríobh suas le 500 focal ag cur síos ar do chuid spéise i NASC, an fáth ar mian leat freastal ar an gcomhdháil agus an chaoi a gcabhróidh an chomhdháil le forbairt do chleachtais agus do ghairme;
  • CV ealaíontóra (ma tá ceann agat)
  • 3 shampla ábhartha físe/fuaime de do chuid amhránaíochta;
  • Dearbhú scríofa go bhfuil tú lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus go mbeidh tú rannpháirteach i gclár iomlán dheireadh seachtaine NASC má bhronntar an scoláireacht ort;
  • Ní mór na hiarratais a scríobh i nGaeilge;
  • Seol na hiarratais chuig: nasc@tracscotland.org;

Spriocdháta: 20ú Samhain, 2026

  • Téarmaí & Treoirlínte na Scoláireachta:
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith lonnaithe i gceantar Gaeltachta (in Éirinn) agus a bheith ag canadh i nGaeilge;
  • Ní mór do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo a bheith in ann freastal ar an deireadh seachtaine iomlán;
  • Beidh ar na hiarratasóirí a n-éireoidh leo tuairisc ghearr a chur faoi bhráid Ealaín na Gaeltachta laistigh de cheithre seachtaine tar éis na comhdhála;
  • Beidh freagracht ar na hiarratasóirí rathúla a gcuid taistil agus lóistín féin a chur in áirithe.

Brighten up your inbox!

Stay connected to the vibrant world of Irish arts and culture in the Gaeltacht – sign up for Ealaín na Gaeltachta’s monthly newsletter and never miss an update on the latest events, news, and creative inspirations.