Ceardlann Airgeadais le Gaby Smyth
Mar chuid dár dtacaíocht leanúnach d’earnáil na n-ealaíon sa Ghaeltacht, beidh Ealaín na Gaeltachta ag reáchtáil dhá Cheardlann Airgeadais le Gaby Smyth. Tabharfar eolas praiticiúil agus cuimsitheach ar bhainistiú airgid, coinneáil cuntas agus saincheisteanna cánach i seisiún ina ndíreofar go sonrach ar ealaíontóirí aonair (30 Meitheamh) agus ceann eile ar lucht eagraithe féilte (8 Iúil). Beidh deis ag rannpháirtithe ceisteanna a chur i rith na gceardlann. Is i mBéarla a chuirfear na ceardlanna i láthair.
Is comhalta de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte é Gaby Smyth. Tá os cionn 20 bliain de thaithí aige ag tabhairt comhairle gnó agus cánach do dhaoine aonair agus do chomhlachtaí, go háirithe i réimse na litríochta, an cheoil, na scannánaíochta agus na hamharclannaíochta.
Ceardlann d’Ealaíontóirí
- Dáta: 11rn, 30 Meitheamh
- Ábhar: Bainistiú airgid, coinneáil cuntas, díolúine chánach (Tax Exemption), CBL, agus eile
- Cláraigh anseo
Ceardlann d’Fhéilte agus d’Eagrais Ealaíon
- Dáta: 7in, an 8 Iúil
- Ábhar: Bainistiú airgid, coinneáil cuntas, cáin & rialachán ábhartha d’eagraithe féilte.
- Cláraigh anseo