Seirbhísí comhairleoireachta a lorg – Forbairt Straitéise do na healaíon sa Ghaeltacht, athbhreithniú straitéise agus iniúchadh ar chórais

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg seirbhísí comhairleoireachta chun tacú linn Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023 – 2028 a ullmhú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar chórais oibre na heagraise, i gcomhthéacs móreachtra macasamhail an méid a thit amach ó tháinig Covid-19 i bhfeidhm.
Chuige seo, beidh athbhreithniú ag teastáil ar thorthaí Staitéis 2018-2022, i gcomhairle lenár geallshealbhóirí, an pobail ealaíona agus pobail na Gaeltachta san áireamh, agus le bord agus foireann Ealaín na Gaeltachta féin.
Tá iniúchadh le déanamh ar ár gcórais reatha, a chuimsíonn airgeadais, iarratais, teicneolaíochta, cumarsáide agus pearsanra. Tá comhairle agus moltaí á lorg againn i dtreo na córais seo a fhorbairt i slí comhtháite, a chuirfeas ar ár gcumas Stratéis 2023-2028 a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Tá trí mór-phrionsabail mar threoir againn don obair seo:

• go mbeadh ár réimsí tacaíochta agus torthaí ár gcuid oibre le feiscint agus ar fáil go cothrom do phobal na Gaeltachta,
• córais oibre na comhlachta a bheith cliaint-lárnaithe, simplí, soiléir agus tré-dhearcach,
• go mbeadh ár gcuid córais ag tacú le hinniúileacht agus éifeachtacht an raon leathan oibre a bhíonn ar siúl ag an bhfoireann, cibé láthair oibre agus cibé beo nó ar líne atá an obair ar siúl.

Agus an obair seo á chuir i gcrích, is gá bheith airdeallach ar chomhthéacs oibre Ealaín na Gaeltachta, a chuimsíonn:

• Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2018-2022
• Comhthéacs oibre Ealaín na Gaeltachta mar fho-chuideachta lárnach de chuid Údarás na Gaeltachta agus mar chliaint comhpháirtíochta na Comhairle Ealaíona.
• Comhthéacs na n-ealaíon go náisiúnta
• Comhthéacs na Gaeltachta agus na Gaeilge
• Straitéisí ábhartha náisiúnta eile
• Gurb í an Ghaeilge teanga oibre Ealaín na Gaeltachta
• Comhthéacs ghéarchéim na haeráide

Sprioc thorthaí (Deliverables)
1. Ag obair i gcomhair le bord agus foireann Ealaín na Gaeltachta, agus i gcomhairle leis an earnáil, cuirfidh an comhairleoir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023- 2028 ar fáil. Leagfaidh an Straitéis nua amach céimeanna muiníneacha agus leanúnacha i bhforbairt na healaíona sa Ghaeltacht, agus freagróidh sé go straitéiseach agus go fadradharcach do chuinsí ábhartha nua.
2. Tuairisc ar athbhreithniú ar thorthaí Straitéis 2018-2022, a chuimsíonn comhairleoireacht cuí leis an earnáil agus leis an eagrais, mar atá thuasluaite.
3. Iniúchadh ar chórais Ealaín na Gaeltachta agus moltaí cuimisitheach agus sonrach, agus a fheidhmíonn go chomhtháite, a sholáthar i ngach ceann do na réimsí airgeadais, iarratais, teicneolaíochta, cumarsáide agus pearsanra le go mbeidh córais oibre na comhlachta cliaint-lárnaithe, simplí, soiléir agus tré-dhearcach agus i seirbhís an straitéis nua.

Tréimhse Oibre
Is gá don obair seo bheith curtha i gcríoch faoi dheireadh Iúil 2022.

Táille
Is €30,000 móide CBL, le costaisí san áireamh, an t-uasmhéid atá ar fáil don obair seo.

Moltar d’iarrthóirí an méid seo a leanas:
• Beidh íocaíochtaí faoi réir PSWT mar is cuí.
• Déanfar íocaíochtaí ar bhonn sonraisc, ar sceideal aontaithe.
• Beidh slánaíocht ghairmiúil agus árachas dliteanais phoiblí ag teastáil ag an té a cheapfar.

Conas iarratas a dhéanamh
Fáiltímid roimh iarratais maidir leis an obair thuasluaite tríd eTenders amháin roimh 29 Deireadh Fómhair 2021 a chuimsíonn na sonraí thíos.
• CV atá suas go dáta
• Sonraí de thaithí ábhartha
• Moladh i dtaobh cuir chuige, a léiríonn tuiscint ar an obair agus ar obair agus chomhthéacs oibre Ealaín na Gaeltachta
• Briseadh síos ar an mbuiséid/úsáid an táille
• Amlínte molta

Ceisteanna
Is féidir aon ceisteanna nó fhiosrúcháin a chuir go ealain@udaras.ie roimh an 27 Deireadh Fómhair 2021.

Tá an obair seo á mhaoiniú ag Ealain na Gaeltachta Teo. le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon, agus le tacaíocht breise ón Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne de chuid na Comhairle Ealaíona.