Scéimeanna maoinithe 2018 fógraithe ag Ealaín na Gaeltachta

Scéim na bPríomhréimsí, 2018

Spriocdháta: Dé hAoine 9 Márta, 2018
Scéim faoinar ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht.
*Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.

Scéim na bhFéilte, 2018

Spriocdháta: Dé hAoine 9 Márta, 2018
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí ar suim leo féilte ealaíon a fhorbairt/a sholáthar sa Ghaeltacht.

Scéim Síol, 2018

Uasmhéid maoinithe €1,000
Spriocdháta leanúnach.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo mionthionscadail nó tosaíochta ealaíon a fhorbairt. (m.sh, forbairt gairme agus oiliúint faoi leith, tacaíocht le seoladh dlúthdhiosca, réiteach taispeántais, trealamh, cothú imeachtaí beaga, féilte beaga ealaíona, srl).

Tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo go léir, foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon réigiúnacha.

Critéar agus Foirm Iarratais do Scéim na bPríomhréimsí agus Scéim na bhFéilte ar fail anseo.