Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí oscailte anois

Cuirtear fáilte roimh iarratas anois don Scéim Sparánachta ó Ealaíontóirí Gaeltachta.

Tá an scéim dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar ealaíontóirí gairmiúla áit a dtugann sé deis don ealaíontóir am a chur ar leataobh le forbairt cleachtais ealaíona a bhaint amach.

Cuirtear fail roimh iarratas d’aon mheán ealaíona, ó ealaíontóirí atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht (m.sh. scríbhneoirí, ceoltóirí, rinceoirí, fís-ealaíontóirí, aisteoirí & r.l.). Ní foinse ioncaim nó tacaíocht bhliantúil do thograí ealaíon atá sa scéim seo. Tabharfar tús áite d’iarrthóirí nua, ach d’fhéadfaí go gcuirfear iarratais suimiúla uathu siúd a fuair maoiniú cheana faoin scéim san áireamh chomh maith. 

Critéir le haghaidh maoiniú
Is iad na príomh critéir atá i gceist anseo ná:

  • An Ghaeltacht: Tá an scéim seo dírithe ar ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht.
  • An Ghaeilge: Léireoidh an t-ealaíontóir san iarratas conas mar atá sé/sí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
  • Gairmiúlacht: Taispeánfar go bhfuil saothar nó poitéinseal d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe ag an ealaíontóir agus go bhfuil taithí / cáilíochtaí cuí aige/aici.
  • Ní ghlacfar ach le hiarratas amháin ón iarrthóir ag aon bhabhta iarratais.

Thig an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo.  Tá sé inmholta teagmháil a dhéanamh leis an Áisitheoir Ealaíon Réigiúnach cuí in oifigí Údarás na Gaeltachta agus an t-iarratas a líonadh, le treoir a fháil.

Spriocdháta d’iarratais: 27 Iúil 2020

Tuilleadh Eolais

Connacht & Co. na Mí:  Muireann Ní Dhroighneáin  091 503100 m.nidhroighneáin@udaras.ie

Tír Chonaill: Danielle Ni Pháidín 074 9560100. d.nicphaidin@udaras.ie

Cúige Mumhan: Rachel Holstead 066 9150100 r.holstead@udaras.ie