Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí 2021 oscailte anois

Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta fógairt go bhfuil an Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí ar oscailt anois, le spriocdháta ar an chéad lá de mhí na Samhna, 01/11/2021.

Cuirtear fáilte roimh ealaíontóirí Gaeltachta, ag chuile staid dá gcleachtas gairmiúil, iarratas a dhéanamh ar an Scéim Sparánachta i mbliana.
Tugann sparánacht deis d’ealaíontóir am a chur ar leataobh le gné dá gcleachtas ealaíona a fhiosrú agus a fhorbairt, agus/nó le saothar faoi leith a fhorbairt. Tá an scéim dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar ealaíontóirí ag chuile staid dá gcleachtas gairmiúil atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Fáiltíonn muid roimh iarratais ó ealaíontóirí in aon mheán nó réimse ealaíona iarratas a dhéanamh, m.sh. scríbhneoirí, ceoltóirí, rinceoirí, fís-ealaíontóirí, aisteoirí & r.l.
Thig iarratas a íodlódáil anseo, mar aon le treoracha le cuidiú leat an fhoirm a chomhlíonadh. Is féidir, agus moltar, labhairt leis an Áisitheoir Ealaíon id’ réigiún, a bheidh lán sásta cabhrú leat d’iarratas a dhéanamh.

Is é an spriocdháta d’iarratais ná 1ú Samhain 2021.