Scéim Nóta 2019

Tá cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc an óige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meitheamh 2018.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an bheart seo a chur i bhfeidhm. Chuige sin, tá Scéim NÓTA oscailte do ghrúpaí agus daoine aonaracha sna ceantair Gaeltachta le breis deiseanna don óige sna healaíona dúchasacha a fhorbairt taobh amuigh de sholáthar clár agus ranganna.

Is scéim straitéiseach í seo ina bhfuiltear ag súil go mbeidh borradh le rannpháirtíocht an óige sna healaíona dúchasacha ag leibhéal pobail agus go/chun go mbeidh an óige fite fuaite le cultúir na healaíona dúchasacha sna ceantair Gaeltachta. Sa chás seo, is ionann na healaíona dúchasacha agus na rudaí seo leanas: ceol uirlise, amhránaíocht Ghaeilge, na healaíona béil (agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht) agus damhsa.

Seo thíos roinnt samplaí de réimsí maoinithe na scéime seo:

  • Imeachtaí Óige Aon Uaire (ceardlann, ceolchoirm, malartú ’srl)
  • Sraith himeachtaí don óige (mar shampla seisiúin, oícheanta airneáin)
  • Imeachtaí Idir ghlúine
  • Cúrsaí agus Forbairt gairme d’ealaíontóirí dúchasacha
  • Comhdháil agus féilte

Tabhair faoi deara nach bhfuil sna samplaí thuas ach treoir agus má theastaíonn ó ghrúpaí nó ó dhaoine aonair an togra atá ar intinn acu a phlé, tá fáilte rompu teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha don Óige.

Caithfidh iarrthóirí foirm iarratais seo a líonadh ina gcuirfear síos ar an togra, imeacht nó forbairt atá beartaithe.

 

Tuilleadh Eolais: e.scahill@udaras.ie nó       www.ealain.ie

Critéar & Foirm Iarratais