Painéal Oideachasóirí don chlár Cuisle

Tá cothú agus cur chun cinn na n-ealaíon i measc na hóige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin i mí Meithimh. Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an roinn TCEGSM leis an mbeart seo a chur i bhfeidhm.
Chuige sin, tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag cur painéal oideachasóirí le chéile a mbeadh suim acu traenáil a chuir ar fáil do theagascóirí atá i mbun ranganna agus tograí ealaíne a eagrú don óige sna healaíona dúchasacha.
Tá fáilte roimh oideachasóirí a bhfuil taithí nó scileanna acu ach ní bheidh siad teoranta do na réimsí spéise seo a leanas:
– Teagasc na healaíona dúchasacha
– Cruthaitheacht agus an Óige
– Polasaithe cosaint leanaí
– Measúnú agus monatóireachta i gcomhthéacs óige
– Polasaithe ealaíne a fhorbairt don óige
– Guth an óige agus rannpháirtíocht
– An óige agus an teicneolaíocht
– An Óige agus folláine/ an sláinte Intinne
– An Óige agus cúrsaí ceannaireachta

Ag brath ar scileanna na hoideachasóirí a bheidh ainmnithe ar an bpainéal, aithneofar deiseanna traenála ar fud na ceantair Gaeltachta uile agus ar líne ina n-eagrófar cúrsaí agus oiliúint don oiliúnóra. Tá féidearthacht go gcuirfear deiseanna meantóireachta ar fáil do chomhordaitheoirí, teagascóirí agus áisitheoirí atá ag teacht chun cinn i réimse na healaíne don óige chomh maith. Tá féidearthacht freisin go n-aithneofar agus go gcuirfear deiseanna traenála agus oiliúna ar fáil do bhaill an phainéal. Cé go ndéanfaidh Ealaín na Gaeltachta chuile iarracht deiseanna oibre a chuir ar fáil do bhaill an phainéal, níl aon ráthaíocht go bhféadfadh deiseanna oibre theacht chun cinn.

Le breis eolais agus le spéis a léiriú, seol CV agus litir léirithe spéise chuig Elaine Scahill. Cé go bhfuil fáilte roimh léirithe spéise go leanúnach, cuirfear fáilte roimh iarratais roimh an 10ú Meitheamh le deis tabhairt faoi phleanáil agus clár oiliúna don scoil bhliain 2022-2023.

Sonraí teagmhála: e.scahill@udaras.ie /087-3840890