Glaoch do choimeádaí sna físealaíona

 

Le taispeántas sna bhfísealaíona Gaeltachta a chomhordú, mar chuid de cheiliúradh 40 bliain Údarás na Gaeltachta

 

Ealaín na Gaeltachta Teo. ag lorg coimeádaí le comhordú a dhéanamh ar thaispeántas sna físealaíona Gaeltachta ­– taispeántas ar ardchaighdeán ag ceiliúradh na bhfísealaíon Gaeltachta le ceathracha bliain anuas.

Cúlra agus comhthéacs an togra

Tá Údarás na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain i 2020, agus mar chuid de sin, táthar ag eagrú sraith imeachtaí le fócas ar leith ar:

  • An Ghaeltacht le 40 Bliain
  • An Ghaeltacht inniu
  • Todhchaí na Gaeltachta

Is í aidhm an cheiliúradh ná áird a tharraingt ar dhea-thionchar Údarás na Gaeltachta ar an nGaeltacht le 40 bliain agus leis an tábhacht a bhaineann leis an eagraíocht i dtaobh inmharthanacht na Gaeltachta agus na Gaeilge inti, agus an áird sin a tharraingt i measc na meáin náisiúnta, na meáin Ghaeltachta agus Gaeilge, geallsealbhóirí agus pobal na Gaeltachta.

Aidhmeanna an Taispeántais:

Ceiliúradh a bheidh sa taispeántas seo, turas athmhachnamhach ar na físealaíona Gaeltachta le ceathracha bliain anuas, ag tarraingt aird ar na saothair ar ardchaighdeán atá cruthaithe i gcaitheamh na mblianta agus ar na saothair atá á gcruthú ag ealaíontóirí gairmiúla Gaeltachta comhaimseartha.

 

Spriocanna an taispeántais

  • Ceiliúradh a dhéanamh ar cheathracha bliain d’Údarás na Gaeltachta tríd taispeántas físealaíon samhalaíoch, spreagúil, tarraingteach do shaothar físealaíontóirí na Gaeltachta a léiriú ar ardchaighdeán gairmiúil.
  • Cur le gairmbheatha na n-ealaíontóirí Gaeltachta agus ardán a thabhairt dá saothair.
  • Próifíl na n-ealaíontóirí agus na n-ealaíon Gaeltachta a ardú sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.
  • Teagmháil an ealaíontóra a chothú leis an bpobal tríd an taispeántas, cuir le forbairt lucht féachana agus rannpháirtithe na bhfísealaíon a chothú sa Ghaeltacht.
  • Go mbeadh an togra ag luí le misean agus straitéis Ealaín na Gaeltachta, 2018-2022.

Amach anseo, agus ag braith ar mhaoiniú breise a bheith ar fáil, tá mian ag Ealaín na Gaeltachta/ Údarás na Gaeltachta an taispeántas a chur ar chamchuairt chuig ionaid ealaíona ar fud na Gaeltachta i dteannta foilseachán buan ar ard chaighdeán, mar aon le meantóireacht sa gcoimeádaíocht a sholáthar sna réigiúin Gaeltachta i 2021.

 

Ról an Choimeádaí

Glacfaidh an coimeádaí ceannaireacht ar thaispeántas sna físealaíona a fhorbairt agus a léiriú don cheiliúradh.  Ar na dualgais a bheidh ar an gcoimeádaí beidh siad seo a leanas:

  • Téama a roghnú don taispeántas i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta .
  • Taighde a dhéanamh ar fhísealaíontóirí Gaeltachta agus próiseas roghnúcháin a sholáthar.
  • Plean agus clártaispeántas a chur ar fáil agus a bhainistiú, mar aon le buiséad forbartha agus léirithe a bhainistiú.
  • Teagmháil a dhéanamh leis na healaíontóirí comhaimseartha páirteach maidir leis an gcur chuige agus léiriú an taispeántas.
  • An taispeántais a léiriú agus a chur i láthair go digiteach ar líne agus in ionad amháin Gaeltachta.
  • Foilseacháin digiteach a fhorbairt agus a chomhlíonadh go bhféadfaí a léiriú i bhfoirm clóite amach anseo.

Toisc na n-éiginnteachtaí éagsúla a bhaineann le COVID 19 agus an tionchar atá aige ar an  tsochaí go ginearálta, cuirfear fáilte roimh solúbthacht maidir le cur chuige agus léiriú an taispeántais.

Scileanna, taithí  agus tréithe riachtanach

  • Cáilíocht tríú leibhéal sna físealaíona nó sa gcoimeádaíocht
  • Eolas ar na físealaíona Gaeltachta.
  • Taithí ar chrochadh, ar léiriú, ar aire agus ar bhainistiú taispeántais.
  • Cumas ceannaireachta agus bainistíochta ar thograí sna físealaíona léirithe, go háirithe sa gcoimeádaíocht.
  • Taithí ar bhuiséid tionscadal a bhainistiú.
  • Bheadh sé ina bhuntáiste líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge agus sa mBéarla a bheith ag an té a roghnófaí.
  • Cumas láidir ríomhaireachta
  • Cumas oibriú faoi bhrú agus oibriú le daoine eile.
  • Cumas láidir cumarsáide.
  • Ceadúnas glan tiomána

 

Tá fáilte roimh duine amháin, beirt nó foireann an ról seo a chomhlíonadh.

Scála Ama: Lár Meitheamh go Nollaig 2020.

Buiséad don togra: €20,000 (forbairt agus léiriú)

Clúdóidh an buiséad táille an choimeádaí, táille na n-ealaíontóirí, costais treallamh, costais taisteal, is é sin gach gnéith costas a bhaineann le forbairt agus leiriú an taispeántas go dhigiteach/ar-líne agus in ionad amháin Gaeltachta.

Tá sé riachtanach go leanfar treoirlínte náisiúnta maidir le híocaíocht ealaíontóirí agus an togra á fhorbairt, mar atá leagtha amach ag Visual Arts Ireland.

 

Tá na sonraí seo a leanas ag teastáil le d’iarratas a mheas:

  • Ráiteas suime sa tionscnamh agus cuir chuige molta don togra mar aon le briseadh síos ar an mbuiséad measta.
  • CV reatha agus samplaí oibre sa réimse seo (naisc/físeáin/íomhánna/léirmheas &rl.)
  • Sonraí teagmhála ar fad.

 

Seol d’iarratas chuig Muireann Ní Dhroighneáin  ag Ealaín na Gaeltachta Teo.

R-phost: ealain@udaras.ie

Is é 5i.n, Dé hAoine, 5 Meitheamh 2020, an spriocdháta d’iarratais a bheith istigh.

 

Eolas breise agus nótaí: