Fógra Poist: Oifigeach Cúnta

Oifigeach Cúnta

Ealaín (na Gaeltachta) Teo. (conradh 2 bliana)

Ealaín (na Gaeltachta) Teo., (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta), ag tairiscint post mar oifigeach cúnta ar chonradh dhá bhliain. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ard Oifig Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe agus beidh sé de chúram air / uirthi tacú leis an chlár oibre ealaíon atá a chur i bhfeidhm ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo., cheana féin.

Tá sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Ealaín (na Gaeltachta) Teo., Teil.:  (074) 9560100 R-phost: ealain@udaras.ie

 

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le taithí agus cumas chun na dualgais seo a leanas a bhaint amach:

  • Tacaíocht a chur ar fáil le cur i bhfeidhm an clár Cuisle agus eagrú imeachtaí don óige
  • Sceidealú, clárú agus eagrú ranganna do dhaoine óga i scoileanna agus ionaid éagsúla i nGaeltacht Chonamara agus Árainn
  • Cabhair agus tacaíocht le scéimeanna, imeachtaí agus tionscadail
  • Fógraíocht, Poiblíocht agus na meáin shóisialta a choinneáil suas chun dáta
  • Bunachair shonraí & córais inmheánacha a choinneáil suas chun dáta

 

Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:

 

  • Líofacht Ghaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • Cumas i bpacáistí MS Office
  • Taithí a bheith ag comhoibriú le scoileanna agus ag eagrú imeachtaí don óige
  • Taithí a bheith ag obair in oifig agus i réimsí pobail, le hard scileanna eagrúcháin
  • Ard scileanna idirphearsanta
  • Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád ina chuidiú
  • Ceadúnas glan tiomána

 

Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.

 

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:

Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Ealaín na Gaeltachta Teo.,

Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,

Na Doirí Beaga,  Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

roimh 4.00 i.n. ar an Luain 10ú Lúnasa 2020.

 

Teil.:  (074) 95 60100     R-phost: ealain@udaras.ie