Feidhmeannach Cultúrtha & Turasóireachta

Folúntas Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair ag tairiscint post ar chonradh mar Feidhmeannach Cultúrtha & Turasóireachta. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh sé de chúram air / uirthi clár oibre turasóireachta chultúrtha agus ealaíon a fhorbairt, a bhainistiú agus a riaradh i gcomhair le Coiste na hAmharclainne.

Tá fáilte roimh iarratais ó dhaoine le cáilíochtaí i dturasóireacht chultúrtha nó i riaracháin na n-ealaíon nó cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, mar aon le taithí i bhforbairt agus i gcur chun cinn togra turasóireachta chultúrtha nó ealaíona.

 

sonraí poist ar fáil ar iarratas ach teagmháil a dhéanamh le hAmharclann Ghaoth Dobhair Teil.:  (074) 9532687 r-phost: amharclann1961@gmail.com

 

Seol litir iarratais mar aon le Curriculum Vitae, roimh 4.00.i.n. Dé hAoine, 8ú Feabhra 2019 chuig: An Cathaoirleach, Amharclann Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Ta tacaíocht do chruthú an phoist seo curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá Scéim Bainistíochta Turasóireachta chun Tograí Straitéiseacha Turasóireachta a fhorbairt ar fud na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta