Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh allúntas breise d’ealaíontóirí agus d’óige na Gaeltachta

Photo By Domnick Walsh © Eye Focus LTD – www.dwalshphoto.ie

Cuireann Ealaín na Gaeltachta fáilte roimh fhógra an Aire Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit Jack Chambers, maidir le hallúntas breise €250,000, atá curtha ar fáil d’Ealaín na Gaeltachta chun sparánachtaí a bhronnadh ar ealaíontóirí Gaeltachta agus chun na healaíona a chur chun cinn i scoileanna Gaeltachta.

Dúirt Siubhán Nic Grianna, Cathaoirleach Ealaín na Gaeltachta,

“Tá ealaíon agus ealaíontóirí i gcroílár chultúir bhríomhar na Gaeltachta. Agus luach na n-ealaíon agus an chultúir ar ár súile anois níos mó ná riamh, tabharfaidh an maoiniú seo tacaíocht riachtanach d’ár n-ealaíontóirí, agus d’óige na Gaeltachta dul i ngleic le na healaíon ag an am dúshlánach seo.”

Tá síniú ama go dtí an 4 Lúnasa d’ealaíontóirí Gaeltachta le hiarratas a dhéanamh ar Scéim Sparánacht sna hEalaíon.

www.ealain.ie / 07495 60100 / ealain@udaras.ie