Comhordaitheoir sna hEalaíon Dúchasacha don Óige

(Post ar chonradh cuspóra seasta – Saoire Mháithreachais a chlúdach)
Tá comhordaitheoir á lorg ag Ealaín na Gaeltachta chun saoire mháithreachais a chlúdach.
Tá cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc an óige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meitheamh 2018.
Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an bheart seo a chur i bhfeidhm atá mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Mar pháirt den gclár Cuisle, déanfar gach iarracht forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar clár cuimsitheach don óige ina measc, ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na ceantair Gaeltachta uile.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

• A bheith tiomanta Fís, Misean agus Straitéis Ealaíon na Gaeltachta a chur i bhfeidhm
• Abalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
• Líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
• Saineolas i gcúrsaí forbartha agus oiliúna i réimse na n-ealaíon dúchasacha
• Ard chumas eagrúcháin, riaracháin agus i mbainistiú tograí.
• Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád.
• Eolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn.
• Sárscileanna cumarsáide agus ríomhaireachta

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ard- Oifig Údarás na Gaeltachta i nGaillimh ach dá bharr go bhfuil cúram don Ghaeltacht ina iomláine i gceist beidh spás oibre sealadach curtha ar fáil don té a cheapfar in oifigí réigiúnach an Údaráis chomh maith.
Beidh an conradh ar feadh tréimhse an saoire mháithreachais a chlúdach agus íocfar scála tuarastail ag brath ar cháilíochtaí agus taithí. Beidh taistil i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.
Seol iarratas mar aon le CV, chuig:
Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall roimh meánlae ar an Luan, 11 Eanáir 2021
Tá breis eolais agus sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh.
Teil: (074) 95 60100 nó R-phost: ealain@udaras.ie
Is fostóir comhionannas deiseanna é Ealaíon na Gaeltachta. Is í an Ghaeilge teanga oibre Ealaíonn na Gaeltachta. Tacaíonn Ealaíon