Application are opened for 2022 funding support

Tá 7 scéim maoinithe fógartha ag Ealaín na Gaeltachta i láthair na huaire. Tacaíonn na scéimeanna maoinithe seo le pobail na Gaeltachta teacht a bheith acu ar na healaíon dúchasach agus comhaimseartha ar ard chaighdeán sa Ghaeltacht. Tacaíonn na scéimeanna chomh maith le na healaíona Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn tríd maoiniú a chuir ar fáil do ionaid ealaíon, féilte ealaíona, ealaíontóirí agus eagraíochtaí ar fud na Gaeltachta.

Fáiltímid roimh iarratais do na scéimeanna seo leanas:
• Scéim Cothú: d’eagraíochtaí ealaíona ionad-bhunaithe – téigh i dteagmháil le d’Áisitheoir Ealaíona
• Scéim na bhFéilte Ealaíona sa Ghaeltacht 2022 – Spriocdháta: 7 Márta 2022
• Scéim Forbartha na nEalaíon 2022 – Spriocdháta leanúnach
• Scéim Síol – Spriocdháta leanúnach
• Scéim Neartú – téigh i dteagmháil le foireann Cuisle
• Scéim Treisiú – Spriocdháta leanúnach
• Scéim Nóta – Spriocdháta leanúnach

Tá eolas faoi na scéimeanna ar fad le fáil anseo: https://ealain.ie/tacaiocht-ata-ar-fail/
Molamid duit teagmháil a dhéanamh leis an Áisitheoir i do réigiúin nó le foireann Cuisle sula seoltar iarratas chugainn.

Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le foireann Ealaín na Gaeltachta más maith leat iarratas a phlé nó má tá tacaíocht de dhíth ort.