Cuireadh chun Tairisceana – cúram agus cothabháil ar shuíomh Ealaín (na Gaeltachta) Teo.

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg tairiscintí uaidh comhlachtaí nó duine aonair ar suim leo cúram agus cothabháil a dhéanamh ar suíomh Ealaín (na Gaeltachta) Teo. www.ealain.ie ar feadh tréimhse bliana (le féidearthacht do shíneadh ama).
Cúlra faoi Ealaín na Gaeltachta Teo.
Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta Teo, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, le tacú le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus, mar chuid de sin, próifíl na n-ealaín Ghaeilge agus na n-ealaíontóirí Gaeltachta a ardú.

Cuspóir: Cúram agus cothabháil a dhéanamh ar suíomh Ealaín (na Gaeltachta) Teo. www.ealain.ie chun na spriocanna thíosluaite a bhaint amach:
• Slándáil ar an suíomh
• Cúltaca agus uasdhatú rialta ar an suíomh.
• Oiliúint WordPress don fhoireann
• Eolas a chrochadh ar an suíomh ó am go ham (timpeall 2 mhír sa mhí)
• Nascanna briste a chóiriú (fadhbanna a thagann chun cinn ar shuíomh Gréasáin dátheangach, go háirithe)
• Search Engine Optimisation
• Google Analytics

An t-Iarratas
Má tá suim agat sa tairiscint seo, iarrtar ort iarratas scríofa a sheoladh chuig Ealaín na Gaeltacht (seoladh thíos) roimhe an 5.00i.n. 18 Deireadh Fómhair, 2021 leis an t-eolas seo a leanas san áireamh:

– Taithí Oibre cuí
– Samplaí do thograí ábhartha a láimhseáladh le déanaí
– Cur síos ar phlean oibre bunaithe ar na riachtanais/spriocanna thuasluaite agus an cur chuige atá á mholadh.
– Costas an phlean

Le breis eolais a fhail déan teagmháil le Danielle Nic Pháidín, d.nicphaidin@udaras.ie./0749560100